Majella O’Meara

Oifigeach Pleanála Teanga

Is as Tiobraid Árann í Majella O’Meara. Bhain sí MA amach in Aistriúchán Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí cáilithe mar Aistritheoir Gaeilge. Tá Iar-chéim aici san Oideachas ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh agus tá sí cáilithe mar mhúinteoir bunscoile. Bhain Majella céim amach i Staidéar Eorpach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus rinne sí staidéar ar Pholaitíocht na hEorpa, Polaitíocht na hÉireann, Caidreamh Idirnáisiúnta, Dlí, Stair, Gearmáinis agus Spáinnis. Tá teastas aici i Rúisis agus tá Dioplóma aici sa Chumarsáid agus Straitéis Ghnó. D’oibrigh sí mar léachtóir ollscoile. Bhunaigh sí an Ghaeilge, Léann Éireannach agus Léann Chultúir na hÉireann ar an triú leibhéal sa tSlóvaic ag leibhéal BA, MA & PhD maoinithe ag rialtas na hÉireann agus ba é an chéad uair riamh a thug Rialtas na hÉireann maoiniú don obair sin. D’oibrigh sí mar Stiúrthóir Sinsearach ar chúrsaí BA, MA agus PhD. Lena chois sin, d’oibrigh Majella mar Aistritheoir Gaeilge don Choimisiún Eorpach. D’oibrigh sí mar Aistritheoir Gaeilge do Rialtas na hÉireann ag aistriú tuairiscí don rialtas agus ag aistriú óráidí na n-Airí. D’oibrigh sí mar Aistritheoir Gaeilge don Roinn Leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, don Roinn Tréidliachta i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus don Roinn Innealtóireachta Bithleighis in ollscoileanna na hÉireann. Mar bhunmúinteoir, d’oibrigh sí mar mhúinteoir scoile i ngaelscoileanna ag cur tumoideachas i bhfeidhm. Mhúin sí Gaeilge ar chúrsaí samhraidh ar Oileán Árann, sa Cheathrú Rua agus i gCorca Dhuibhne. Tá Majella ar choiste Chonradh na Gaeilge i gcathair Luimnigh agus déanann sí obair dheonach ina ham saor chun an Ghaeilge a fhorbairt i gcathair Luimnigh freisin. Tá suim aici san iriseoireacht agus tá cúpla bliana taithí oibre aici in iriseoireacht na Gaeilge. Tá Majella breá sásta bheith ag obair mar Phleanálaí Teanga do Ghaillimh le Gaeilge.