Chun cabhrú leis an bpróiseas moltóireachta, tá roinnt eolais bhreise ag teastáil uainn le do thoil. Bheinn buíoch duit dá bhféadfá an foirm thíos a chomhlíonadh roimh 5.30i.n., Dé Luain, 28 Meán Fómhair 2020.
Is féidir an t-eolas a sheoladh chugainn i bhfoirm PDF, Powerpoint, físeán nó cóip crua más mian leat. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le eolas@gleg.ie nó 091 568876.
Déanfar Moltóireacht ar na gnólachtaí de réir a méid agus a n-acmhainní agus maidir leis an méid atá bainte amach acu go dtí seo agus a gcuid pleananna don todhchaí. Beidh sé tábhachtach go mbeadh inmharthanacht ag baint leis na gníomhaíochtaí sa ghnó chun leanúnachas úsáid na Gaeilge sa todhchaí a chinntiú. Ní mór úsáid na Gaeilge a bheith ‘dáiríre,’ ‘cruthaitheach’ agus ‘feiceálach’ agus go bhfuil tionchar aige ar an bhfoireann agus ar íomhá dhátheangach na Cathrach. Roghnóidh moltóirí buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus níl dul thar bhreith an mholtóra.
Go raibh maith agaibh!