Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta.

14th June 2018

Bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach, Seán Kyne, TD, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta ar Bhernie Ó Conaill níos luaithe tráthnóna, os comhair a mhuintire, a chairde agus a chomhghleacaithe. Bhí an tAire Stáit ag freastal ar Bhronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 – gradam gnó dátheangach na Gaillimhe – in éineacht le breis agus 100 aoi eile in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh. Is é seo an chéad uair a rinne Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge bronnadh dá leithéid i gCathair na Gaillimhe.

Bhuanaigh Gaillimh le Gaeilge Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta  i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Chliath.  Tá sé i gcuimhne an  Dr Peadar Ó Flatharta, an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge. Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge a roghnaíonn na hainmniúcháin agus bronntar é  ar  dhaoine  nó ar eagraíochtaí a bhfuil sár-iarracht déanta acu maidir le húsáid na Gaeilge agus nach bhfuil bainteach go sonrach le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Tar éis don Aire Stáit Seán Kyne,TD, an píosa dealbhóireachta atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney a bhronnadh ar Bhernie,  dúirt sé:                                                                             

“Táim an-bhródúil as a bheith ainmnithe ag Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge do ‘Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhatharta’, go raibh míle maith agaibh. D’oibrigh mé le Peadar agus bhí an-mheas agam ar an bhfís a bhí aige don Ghaeilge go mór mór sa chathair áirithe seo. Cé gur minic a léirigh sé imní faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht, chreid sé i gcónaí go raibh deiseanna le tapú  i saol gnó na cathrach a bheadh ina chuidiú mhór don Ghaeilge, don Ghaeltacht  agus don Chathair araon. Táim cinnte go mbeadh sé an-sásta inniu leis an dul chun cinn atá déanta agus chomh feiceálach agus atá an Ghaeilge i gcultúr agus saol gnó na cathrach.  Go mba fada buan sibh a chairde”.

 Thréaslaigh Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey le Bernie agus dúirt:

“Shocraigh Bord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta a bhronnadh ar Bhernie Ó Conaill de bharr an obair mhór atá déanta aige i gcur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh.  Tá aithne mhaith ar a chuid oibre sa saol spóirt, san earnáil oideachais agus sna meáin chumarsáide ach go háirithe.  Is léir do dhaoine,  tar éis casadh leis den chéad uair, go bhfuil cion agus ardmheas ar leith aige ar an nGaeilge agus go bhfuil sí lárnach ina shaol pearsanta agus proifisiúnta ar aon”.

Lean sí ar aghaidh agus dúirt:  “Is ábhar bróid dúinne chomh maith, mar  Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge,  an comóradh seo a dhéanamh ar  Pheadar  agus ar an  tréimhse a chaith sé go fial flaithiúil linn i nGaillimh le Gaeilge. Smaointeoir doimhin fadbhreathnaíoch a bhí ann, dírithe ar an sprioc fhadtéarmach i gcónaí.  Rinne sé stiúradh stuama ar an eagraíocht agus bhí sé i gcónaí ina chara dílis dúinn.”

Related Articles

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 

Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair. 📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe(Beidh...

Comórtas ‘Ardán’ le Glór na nGael
Comórtas ‘Ardán’ le Glór na nGael

Buíochas mór do Ghlór na nGael as muid a roghnú mar bhuaiteoirí i gCatagóir ‘Labhairt na Gaeilge’ ag a gcomórtas úrnua, ‘Ardán’! Is iontach an t-aitheantas é seo dár gcuid oibre agus is ardán náisiúnta den scoth é dár bhféile dhátheangach, Tonnta a bhíonn ar siúl i...

Aon Scéal ar ais
Aon Scéal ar ais

Tá ‘Aon Scéal?’ ar ais sa Harbour Hotel !! ‘Aon Scéal?’ is back at Harbour Hotel !! Gach Céadaoin 19:00 – 20:00 Harbour Hotel Galway Bí linn gach Céadaoin sa Harbour Hotel Galway ó 19:00 – 20:00 Tá páirceáil saor in aisce ar fáil dóibh siúd atá ag freastal ar an...