Seoladh – Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

22nd January 2018

Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Pearce Flannery, seoladh oifigiúil ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 agus fógróidh sé Urraí an Ghradaim don bhliain seo romhainn ag preasócáid in Ionad na Faiche Móire ag 12 meán lae ar an Luan 29 Eanáir.

Déanfaidh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, seoladh oifigiúil ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 agus fógróidh sé chomh maith urraí an Ghradaim don bhliain seo romhainn ag preasócáid in Ionad na Faiche Móire ag 12 meán lae ar an Luan 29 Eanáir. Bhuaigh Ionad na Faiche Móire an mhórdhuais ag Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in 2017.

Seolfaidh Gaillimh le Gaeilge a suíomh gréasáin (www.gaillimhlegaei.wpenginepowered.com) atá nua-dheartha ag Armour ag an bpreasócáid chomh maith, díreach in am do Ghradam 2018!  Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge an deis seo a thógáil agus buíochas ar leith a ghabháil leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as maoiniú speisialta a chur ar fáil don dearadh nua ar ár suíomh gréasáin.  Go raibh míle maith agaibh.

Ainmníodh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in onóir an Uasail Seosaimh Uí Ógartaigh (nach maireann), ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge. Is iad Gaillimh le Gaeilge a eagraíonn an Gradam i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe.

Ag labhairt di faoi Ghradam na bliana seo, dúirt Ardfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, Bríd Ní Chonghóile; “Tá an Gradam ar an bhfód anois le 16 bliana anuas agus tá fás ag teacht air bliain i ndiaidh bliana. Is cinnte go gcuireann sé go mór leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa chathair, rud a threisíonn stádas na Gaillimhe mar Chathair Dhátheangach na hÉireann  agus mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

Tá muid ag súil go mór leis na míonna gnóthacha atá amach romhainn agus muid ag cuidiú le gnóthaí na Gaillimhe ullmhú do mholtóirí an Ghradaim. Tiocfaidh na moltóirí le chéile don chéad uair le moltóireacht a dhéanamh ar na hainmniúcháin ar fad i lár mhí Aibreáin 2018. Is am gnóthach dúinn é cinnte ach beidh sé ar fheabhas ag an am céanna!”

Ní gá Gaeilge líofa a bheith agat le páirt a ghlacadh sa Ghradam mar beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ann le cuidiú leat ó thús go deireadh an phróisis. Cuirfidh siad seirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ar fáil duit saor in aisce. Is pacáiste saincheaptha é seo le tú a threorú tríd an bpróiseas le do ghnó nó le cuid de do ghnó a chur in oiriúint don dátheangachas. Eagróidh foireann Ghaillimh le Gaeilge cruinniú leat le hathbhreithniú a dhéanamh ar do ghnó ó thaobh íomhá de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, meáin shóisialta, fógraíocht, srl. Breathnóidh siad ar na féidearthachtaí éagsúla ar fad atá ann leis an nGaeilge a úsáid i do ghnó nó i d’eagraíocht. Beidh breis agus 3 mhí agat don ullmhúchán de bharr nach ndéanfar an mholtóireacht go dtí lár mhí Aibreáin.

Tá Gaillimh le Gaeilge ag cur sceideal le chéile faoi láthair agus ba bhreá leo bualadh le gnóthaí agus le heagraíochtaí ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid le gnó dátheangach a thógáil. Is é Dé Luain an 23 Feabhra 2018 an dáta deiridh d’ainmniúcháin agus níl aon táille iontrála i gceist leis. Is féidir leat cuir isteach air ar líne ag www.gaillimhlegaei.wpenginepowered.com nó cuir glaoch ar 091 568876. Is féidir leat Gaillimh le Gaeilge a leanúint ar Facebook agus ar Twitter.

Related Articles

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí – 15/8/2026
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí – 15/8/2026

Beidh Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí leJulie Anne de Brún ar siúl an Satharn beag seo! 📅 Satharn, 15 Lúnasa| 15th of August🕚 11:30 – 12:30📍 Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gaillimhe/Westside Library Tá an tseirbhís seo oiriúnach do pháistí ó 0–5 bliana...

Saoirse sa Taibhdhearc
Saoirse sa Taibhdhearc

Screenshot Cuireann an Taibhdhearc an chéad taibhiú den cheoldráma SAOIRSE i láthair ón 10 - 26 Iúil mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Suite i nGaeltacht Chiarraí, is ceoldráma greannmhar, croíúil é SAOIRSE a cheiliúrann an chéadsearc agus an...