Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

23rd October 2026

Mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh iniúchadh ar an gcaoi a bhfuil intleacht shaorga ag athrú teicneolaíochtaí teanga agus ag múnlú thodhchaí an ilteangachais, an chuimsithe dhigitigh agus na héagsúlachta teanga.

Tabharfaidh an chomhdháil lucht déanta beartas, taighdeoirí, saineolaithe teicneolaíochta, pobail teanga agus páirtithe leasmhara eile ó gach cearn den Eoraip le chéile chun na deiseanna, na dúshláin agus na forbairtí atá ag teacht chun cinn sa réimse seo atá ag athrú go tapa a phlé.

Má tá suim agat freastal ar an gcomhdháil, líon isteach an fhoirm léirithe spéise ag an nasc thíos:

Comhdháil Idirnáisiúnta ar Éagsúlacht Teanga agus Teicneolaíocht | International Conference on Language Diversity and Technology

Tabhair faoi deara nach ciallaíonn clárú spéise áit ag an gcomhdháil. Seolfar tuilleadh sonraí, lena n-áirítear eolas maidir le freastal agus cuirí foirmiúla, amach in am trátha.

***************

As part of Ireland’s Presidency of the Council of the European Union, Roinn na Gaeltachta are pleased to invite expressions of interest for The Future of Language Technologies in the Age of Artificial Intelligence, an international conference exploring how artificial intelligence is transforming language technologies and shaping the future of multilingualism, digital inclusion and linguistic diversity.

The conference will bring together policymakers, researchers, technology experts, language communities and other stakeholders from across Europe to discuss the opportunities, challenges and emerging developments in this rapidly evolving field.

If you are interested in attending, please complete the registration of interest form at the link below:

Comhdháil Idirnáisiúnta ar Éagsúlacht Teanga agus Teicneolaíocht | International Conference on Language Diversity and Technology

Please note that registering your interest does not guarantee a place at the conference. Further details, including information on attendance and formal invitations, will issue in due course.

We would also be grateful if you could share this registration of interest opportunity with colleagues and contacts within your own networks who may have an interest in language technologies, artificial intelligence, digital policy, linguistic diversity, or related fields.

Related Articles

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí

Beidh Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí ar siúl arís ar an Satharn an 17 Deireadh Fómhair ag 11.30 r.n. -12.30 i.n. i Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gailimhe. 💚Do pháistí ó 0-5 bliana d'aois. 💚Saor in aisce. 💚Tuilleadh eolais ag Gaillimh le Gaeilge ag...