Club Reatha na Gaillimhe

20th October 2026

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh.

Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann Ghaeilge na Gaillimhe), agus le Gaeil na Gaillimhe (Club CLG agus LGFA na cathrach), ag cur fáilte roimh dhaoine de gach aois agus ar gach leibhéal Gaeilge a bheith páirteach i gClub Reatha na Gaillimhe. Is grúpa pobail nua é seo a chruthaíonn deis do dhaoine a bheith gníomhach, bualadh le daoine eile agus an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht chairdiúil agus neamhfhoirmiúil.

Beidh an chéad rith 5km de chuid Chlub Reatha na Gaillimhe ar siúl Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair 2026. Buailfidh na rannpháirtithe le chéile ag Caifé na Taibhdheirce, 19 An tSráid Láir, Gaillimh, H91 E2V3, ag 11.00 r.n.

Más cainteoir líofa Gaeilge thú, má tá tú ag foghlaim, nó mura bhfuil ach beagán Gaeilge agat, beidh fáilte agus fiche romhat! Beidh deis ag gach duine na 5km a rith ar a luas féin. Ní bheidh aon bhrú ar dhaoine rith go tapaigh ná Gaeilge fhoirfe a labhairt. Is é an rud is tábhachtaí ná taitneamh a bhaint as an lá, bualadh le daoine nua agus níos mó deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach neamhfhoirmiúil.

Ní mór clárú roimh ré. Cliceáil anseo chun clárú.  Déan teagmháil linn ag [email protected] chun tuilleadh eolais a fháil.

*********************************************************************

A new community running group in Galway City brings people together through the Irish language, physical activity and a cupán caife afterwards!

Gaillimh le Gaeilge, in collaboration with Caife na Taibhdheirce (Galway City’s Irish language theatre) and Gaeil na Gaillimhe (Galway City’s Irish Speaking GAA and LGFA Club), are inviting people of all ages and levels of Irish to join Club Reatha na Gaillimhe, a new community group that combines physical activity with the opportunity to use Irish in a relaxed and friendly setting.

The group’s first 5km run will take place on Saturday, 24 October 2026, with participants meeting at Caifé na Taibhdheirce, 19 Middle Street, Galway, H91 E2V3, at 11.00 a.m.

Whether fluent in Irish or learning the language, everyone is welcome. Participants can run the 5km route at their own pace, with no pressure to go fast or speak perfect Irish. The emphasis is on enjoying the experience, meeting new people and creating opportunities to use Irish in everyday life.

The message behind Club Reatha na Gaillimhe is simple:

“Tar linn, rith más mian leat, siúil más fearr leat, labhair Gaeilge ar do leibhéal féin.”

Come along, run if you wish, walk if you prefer, and speak Irish at your own level!

Advance registration is essential. To register, click here. For further information, contact [email protected].

Related Articles

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí

Beidh Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí ar siúl arís ar an Satharn an 17 Deireadh Fómhair ag 11.30 r.n. -12.30 i.n. i Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gailimhe. 💚Do pháistí ó 0-5 bliana d'aois. 💚Saor in aisce. 💚Tuilleadh eolais ag Gaillimh le Gaeilge ag...

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 

Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair. 📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe(Beidh...