Lá na Máithreacha

16th February 2018

Mar is eol do chách, beidh Lá na Máithreacha  á cheiliúradh againn go luath agus mar sin bheartaigh muid cúpla frása a chur ar fáil díobh le húsáid ar chártaí, ar theachtaireachtaí, ar bhiachláir nó ar phóstaeir! Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn chun aistriúchán a fháil d’aon téarmaí eile ar 091 568876 nó [email protected].

 

Lá na Máithreacha

– Mother’s Day

Beannachtaí Lá na Máithreacha oraibh go léir

– Happy Mothers’ day to all

Tabhair aire di

– Take care of her

Is lá speisialta é, Lá na Máithreacha

– Mother’s day is a special day.

Bain sult as Lá na Máithreacha

– Enjoy Mother’s Day

Is duine speisialta í do mháthair

– Your Mother is special

Related Articles

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...