Ollmhargadh na Seoighe, Cnoc na Cathrach – Gradam 2015

23rd January 2017

“Tá an fhoireann ar fad in Ollmhargadh na Seoighe i gCnoc na Cathrach fíorbhródúil agus thar a bheith ríméadach Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2015 a bhaint amach. Thaitin sé go mór linn a bheith páirteach sa Ghradam. Toisc go bhfuil muid lonnaithe ar leac an dorais do cheantar Chonamara, chuidigh próiseas an Ghradaim linn ceann dár gcuid gnéithe sainiúla díolacháin a chur chun cinn. Cuireann muid seirbhís i nGaeilge ar fáil dár gcuid custaiméirí agus déanann muid fógraíocht dhátheangach sna meáin áitiúla. Táimid ag iarraidh an teanga a choinneáil beo beathach inár gcuid siopaí, ar mhálaí siopadóireachta agus ar chomharthaíocht laistigh de na siopaí.  Déanann sé idirdhealú idir muid féin agus ár gcuid iomaitheoirí! Is ollmhargadh áitiúil muid arb as an bpobal céanna muid, cuireann muid luach ar ár n-oidhreacht agus táimid ar ár míle dícheall táirgí Éireannacha a chur chun cinn inár gcuid siopaí agus tá paisean ar leith againn don Ghaeilge.”

Aisling Joyce, Ollmhargadh na Seoighe 

Buaiteoirí na gCatagóirí i 2015 ná:

  • Sa Chatagóir Fáilteachais & Turasóireachta, faoi urraíocht Fháilte Éireann, is iad Seodóirí Ceilteacha an Chladaigh a thug leo an duais.
  • Fógraíodh gurb iad Tí Tighe Fascinators & Fáiscín na buaiteoirí i gCatagóir na Seirbhísí, faoi urraíocht Snap Galway.
  • I gCatagóir na gComhlachtaí Eile, faoi urraíocht Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, is iad Cumann Lúthchleas Gael Bhóthar na Trá/Chnoc na Cathrach a chroch leo an duais.

Related Articles

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...