FOLÚNTAS DO RIARTHÓIR OIFIGE

Share this page |FacebookTwitter

Tá muid ag lorg Riarthóir Oifige páirtaimseartha. (3 lá sa tseachtain)

Oibríonn Gaillimh le Gaeilge (www.gleg.ie) i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun Stádas Dátheangach oifigiúil na Cathrach a fhorbairt agus a threisiú. Táimid freagrach chomh maith as feidhmiú Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe (maoinithe ag Foras na Gaeilge) agus tá an obair seo á dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus páirtithe leasmhara eile.

Príomhdhualgais an phoist:

  •  Obair riaracháin na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhadaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal (go pearsanta, fón, r-phost agus postas)
  • Soláthairtí oifige a ordú agus stoc na stáiseanóireachta a choinneáil suas chun dáta
  • Riaradh a dhéanamh ar scéim ballraíochta Chairde Ghaillimh le Gaeilge
  • Tacaíocht a thabhairt d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge le tograí éagsúla
  • Aon dualgas eile a bhaineann leis an bpost a dhéanamh

 

Riachtanais an Phoist:

  •  Taithí chuí ar obair riaracháin oifige, tuairisciú agus cuntais
  • Scileanna láidre eagrúcháin
  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha mar aon le tiomantas don teanga
  • Ardscileanna cumarsáide agus ardscileanna idirphearsanta
  • Saineolas ar phacáistí Microsoft Office, go háirithe Word, Excel agus Outlook

(Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh taithí ar WordPress)

  • An cumas dul i mbun oibre mar chuid d’fhoireann agus ar a stuaim féin de réir mar is gá

 

Suíomh Oibre: Beidh an Riarthóir Oifige lonnaithe in Oifig Ghaillimh le Gaeilge, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. Seol d’iarratas i nGaeilge mar aon le CV i nGaeilge roimh 5.00 i.n., Dé Luain, 10 Iúil 2023 chuig brid@gleg.ie Tuilleadh Eolais: brid@gleg.ie nó 091 568876

**************************

Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tríd an gCrannchur Náisiúnta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe tríd an scéim CAIRDE Gaillimh le Gaeilge.