ATHRÚ AMA – beidh an chéad ócáid eile ar siúl 1 Márta ag 6pm i gCaife an Taibhdhearc.
Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge labhartha? Nó díreach aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa chathair? Bhuel, tabharfaidh ‘Aon Scéal?’ grúpa comhrá chathair na Gaillimhe an deis sin dhuit.
Beidh míle fáilte romhat
Déan teagmháil linn – eolas@gleg.ie / 091 568876
