Slua Breá ag Fulacht Fia Chairde Ghaillimh le Gaeilge

Roinn an leathanach seo |FacebookTwitter

Bhain Cairde agus Stiúrthóirí Ghaillimh le Gaeilge ardtaitneamh as tráthnóna álainn ceoil agus bia ag an bhFulacht Fia bliantúil a reáchtáladh Dé hAoine an 22 Meitheamh  sa Galmont Hotel & Spa, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh. Is iad Cairde Ghaillimh le Gaeilge Ollmhargaí na Seoighe, Gaillimh, an Comhlacht Tógála Stewart agus Sweeney Oil a rinne urraíocht fhlaithiúil ar an bhFulacht Fia. Míle buíochas leo ar fad.

Ag an ócáid, chuir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, fáilte mhór chroíúil roimh Mhéara nua-thofa Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelís, a toghadh le déanaí.

Chomh maith leis sin, ghabh sí  buíochas leis na heagraíochtaí ar fad a thugann maoiniú dóibh. Is ón gCranchur Naisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta a fhaigheann siad an chuid is mó den tacaíocht. Faigheann siad tacaíocht chomh maith ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge trí Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Tá an tacaíocht seo riachtanach don eagraíocht lena seirbhísí agus tacaíochtaí praiticiúla éagsúla a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid mar chuid dá ngnólachtaí agus dá n-eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe.

Ghabh sí buíochas leis na meáin chumarsáide lena dtacaíocht ag coinneáil ‘scéal Ghaillimh le Gaeilge’ i mbéal an phobail.

Chuir an Gypsy Jazz Trio siamsaíocht ar fáil don slua agus iad ag baint sult as an mbia blasta i Coopers Bar sa Galmont Hotel & Spa. I measc Stiúrthóirí agus Chairde Ghaillimh le Gaeilge bhí; David Hickey, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge ón Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta,   Emma Dillon-Leetch Connacht Hotel, buaiteoirí Gradam 2018, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe; an Clr Dónal Lyons, an Clr. Pádraig Conneely, an Clr Terry O’Flaherty chomh maith le Declan Varley, Eagarthóir Grúpa an Galway Advertiser agus Bernadette Prendergast ó Galway Bay FM.

Cuireann an Fulacht Fia críoch oifigiúil le himeachtaí sóisialta/líonraithe Ghaillimh le Gaeilge go dtí mí Mheán Fómhair agus tugann sé deis don eagraíocht buíochas a ghabháil lena cuid Cairde ar fad agus leo siúd a thacaíonn leis an eagraíocht.