Tonnta
D’éirigh thar barr le Tonnta in 2024, agus dá bhrí sin tá féile uathúil na Gaillimhe, trína ndéantar ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar Ghaillimh ina cathair dhátheangach, ar ais! Beidh Tonnta ar siúl ón 30 Eanáir go dtí an 2 Feabhra 2025.
Is í Gaillimh an t-aon chathair dhátheangach in Éirinn agus tugann Tonnta cuireadh do chách an Ghaeilge atá acu a labhairt, bíodh neart Gaeilge nó cúpla focal acu, i dtimpeallacht atá spraíúil spreagúil, ag an gCéilí Mór saor in aisce agus ag seónna tine ar an bhFaiche Mhór nó ag na ceolchoirmeacha, ceardlanna, cainteanna agus imeachtaí teaghlaigh a bheidh ar siúl in ionaid amhail Amharclann Halla na Cathrach, An Taibhdhearc, Amharclann an Druid agus an PorterShed thar an deireadh seachtaine.. Beidh siad ar fad dátheangach, inrochtana agus cuirfear fáilte roimh chách.
Ar phríomhoirfidigh na Féile beidh The Máirtín O’Connor Trio i dteannta aío speisialta Padraig Jack in Amharclann Halla na Cathrach Dé Domhnaigh, an 2 Feabhra, chomh maith le Jiggy sa Róisín Dubh ar an Aoine, 31 Eanáir agus beidh Ríoghnach Connolly sa Taibhdhearc Dé Sathairn, an 1 Feabhra. Tá saothar nua á fhorbairt ag James Riordan ón Chomhlacht Amharclainne Brú le tacaíocht Éire Ildánach agus beidh sé ag dul chun stáitse sa Taibhdhearc den chéad uair Dé hAoine, an 31 Eanáir.
Saor in Aisce
A big part of the Tonnta Festival programme is free including talks and workshops Beidh go leor de chlár Fhéile Tonnta saor in aisce lena n-áirítear na cainteanna agus na ceardlanna a beidh ar siúl in PorterShed a Dó ar Shráid an Mhargaidh Dé Sathairn an 1 Feabhra; íoga dátheangach chomh maith leis an Cosy Crafting Club le Kayte O’Malley. Beidh léiriú speisialta den scannán dátheangach Froggie, a bhfuil duaiseanna buaite aige, sa Phálás agus beidh plé painéil ina dhiaidh. Froggie at Pálás followed by a panel discussion.
Do Theaghlaigh
I mbliana, le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, beidh Lá na bPáistí ag bogadh go Cnoc na Cathrach, Dé Domhnaigh, an 2 Feabhra le cluichí, ceardlanna, scileanna sorcais, péinteáil aghaidhe agus dioscó do pháistí. Tá Cnoc na Cathrach ar cheann den dá cheantar Gaeltachta atá ainmnithe i gCathair na Gaillimhe.
Glacfaidh Tonnta seilbh ar an bhFaiche Mhór don Chéilí Mór saor in aisce a bheidh ar siúl freisin Dé Sathairn, an 1 Feabhra agus le mórthaibhsiú tine ag 5pm agus ag 7pm, trína ndéanfar ceiliúradh ar nathanna cainte uathúla na Gaeilge ag úsáid na bhfocal is fileata sa teanga. De bharr an éilimh, tá an Dirty Circus chun an fhéile a dhúnadh ar an Domhnach, 2 Feabhra.
Lucht Tacaíochta
Tionscnamh de chuid Ghaillimh le Gaeilge is ea Tonnta. Tá Gaillimh le Gaeilge ag obair chun feiceálacht agus inchloisteacht na Gaeilge a fheabhsú i nGaillimh. Tá an fhéile cómhaoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, Éire Ildánach, Foras na Gaeilge trí Plean Teanga Chathair na Gaillimhe agus le tacaíocht speisialta ó Fáilte Ireland agus TG4.
Tá Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, ag súil go mór leis an dara bliain d’fhéile Tonnta.
“Táimid ríméadach go bhfuil Tonnta 2025 ag tarlú arís an bhliain seo chugainn, a bhuíochas sin don tacaíocht atá muid ag fáil ónár n-urraitheoirí flaithiúla, ó Chairde Tonnta chomh maith leis an tóir agus leis an meas atá ag muintir na Gaillimhe ar a leithéid d’fhéile a bheith ag tarlú sa chathair. Mar gheall ar an rath a bhí ar Tonnta 24, tá sé beartaithe againn sraith gan stró d'imeachtaí dátheangacha a chur i láthair ionas go spreagfar níos mó daoine le taitneamh a bhaint as an nGaeilge agus as an gcultúr iontach a bhaineann léi, imeachtaí a chuirfidh píosa spraoi agus ábhar inspioráide ar fáil do na daoine a bheidh rannpháirteach iontu. “
Tuilleadh Eolais: www.tonnta.eu