An Coiste Logainmneacha
Tá ionadaithe ar an gCoiste ó eagraíochtaí éagsúla sa chathair le cúlraí agus saineolas éagsúla, ionas go mbeidh ainmneacha á roghnú agus baint acu leis an gceantar ina bhfuil siad, chomh maith le timpeallacht fhisiciúil na cathrach.
Cén fáth an bhfuil Coiste Logainmneacha againn?
Is togra é an Coiste Logainmneacha a bunaíodh i 1992 chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar a thug Iar-Aire sa Roinn Chomhshaoil an ‘Tuscany Downs’ Syndrome – eastáit tithíochta nua á n-ainmniú le hainmneacha nach bhfuil aon bhaint acu leis an timpeallacht, stair na háite nó teanga na háite, ar nós ‘Tuscany Downs’. Bunaíodh An Coiste Logainmneacha chun ainmneacha oiriúnacha Gaeilge a thabhairt do thógálaithe eastát tithíochta nua sa chathair.
Cur chuige ábhartha agus cuimsitheach ó thaobh cultúir de.
Tá ionadaithe ar an gCoiste ó eagraíochtaí éagsúla sa chathair le cúlraí agus saineolas éagsúla, ionas go mbeidh ainmneacha á roghnú agus baint acu leis an gceantar ina bhfuil siad, chomh maith le timpeallacht fhisiciúil na cathrach. Déanann an Coiste ainmneacha i nGaeilge a mholadh, atá simplí go leor gur féidir le daoine nach bhfuil Gaeilge acu iad a fhuaimiú. I measc na n-eastát atá ainmnithe ag an gCoiste tá Cluainín – Cluneen (Little Meadow), Sáilín – Saw leen (Little Heel), An Logán – An Lug On(Little Hollow) agus Luí na Gréine – Lee na Grain Ya(Setting of the Sun). Ní hamháin go bhfuil na hainmneacha ag luí leis an gceantar ina bhfuil an t-eastát, ach tá siad ag cur le cothú timpeallachta dhátheangaí.
Tá 99% d’eastáit i gcathair na Gaillimhe ainmnithe i nGaeilge inniu. Tá áiteanna eile in Éirinn ag déanamh aithris ar shampla na Gaillimhe agus ag bunú coiste dá gcuid féin.
Baill an Choiste
Helen Coleman (Cathaoirleach) – Pleanálaí Sinsearach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
An Comhairleoir Dónal Lyons- Comhairle Cathrach na Gaillimh
Dr. Nollaig Ó Muraile – Ollscoil na Gaillimhe
Pat Sweeney – An Post
Matt Cunningham – Bord Soláthair Leictreachais
Tom Costello – Iar-Chomhairleoir – Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Mary Flynn – Ionadaí don Phobal i gCoitinn
Dr. Jim Higgins – Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Dr. Liam Ó hAisibéil – Ollscoil na Gaillimhe
Bríd Ní Chonghóile – Gaillimh le Gaeilge
Bunús Logainm
Seo liosta de na logainmneacha Gaeilge atá le feiceáil i gCathair na Gaillimhe. Seo sampla de na logainmneacha atá liostáilte.
Barr Taoide
An suíomh in aice le Cuan na Gaillimhe
Ba ‘Ceann Boirne’ an t-ainm a bhí tugtha ar an teach a leagadh chun na hÁrasáin a thógáil.
– Ceann Boirne was the name of the house which was knocked to build the apartments on it.
Cairéal Mór
Bhí caireál (Quarry) ar an suíomh tráth.
Tornóg
Limekiln le fáil ar an suíomh – Tornóg an t-ainm Gaeilge ar Limekiln
Túr an tSáile
Tá an suíomh lonnaithe ar Bhóthar Loch a’ tSáile
Cúlgharraí
Ainm an tsuímh roimhe seo ‘Backgarden’
Tulleadh Samplaí
Cúirt Bhreac
Bunaithe ar an mBaile Fearann ‘An Gleann Breac’
Cor Boise
Tá Cor Boise suite i nGleann na hAille ar Bhóthar Thuama.Baineann sé leis an ainm ‘Bos le hÉadan’– Tá teach fós sa cheantar leis an ainm ‘Bos le hÉadan’. Chuir Peadar O’Dowd in iúl gurb ‘Bos le hÉadan’ an t-ainm a bhí ar an áit úd tráth. Bhí an nós ag daoine agus iad ag taisteal go Gaillimh bos a chur le héadan nuair a fuair siad amharc ar Ghaillimh – ag glacadh buíochas le Dia gur shroich siad an áit slán sábháilte!
Gort Léinn
Tá an Suíomh ar Bhóthar Mhuine Mheá in aice le Dún Léinn. Baineann an t-ainm Gort Léinn le hainm an tsuímh in aice leis.
Sruthán
Tá Sruthán Mhuirlinne suite ar an mBaile Bán. Tá an suíomh in aice le Béal Srutha agus Muirlinn.
Sliabh Bán
An suíomh lonnaithe ag Baile Bán
Loch Lurgan
‘Lurgan’ an sean-ainm a bhí ar chuan na Gaillimhe tráth.
Geata an Eolais
An suíomh lonnaithe trasna an bhóthair ón Ollscoil
Croit na Mara
Lonnaithe in aice leis an bhfarraige
City Point/Rinn na Cathrach
An t-ionad gnó lonnaithe i lár na Cathrach.
Nuacht an Ghradaim
On his first official visit to Galway city, the Minister of State for the Gaeltacht, Thomas Byrne TD, announced Lally Tours as the overall winner of Gradam 2024, and is named the 15th Tribe of Galway.
Just Art It, Murphy& Me, Irish Socksciety and Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe were announced as category winners. The Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh gala awards ceremony saw an impressive turnout on Monday (27th May) in The Hardiman, Eyre Square when Gradam...
Your First Gradam Date
29th January 2019 @12 noon in the Ryan Room of the Connacht Hotel (2018 Gradam winners): Press event to announce our Gradam Sponsors as well as a fantastic array of prizes and benefits for the category winners and overall winner of Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2019....
‘An Nollaig is fearr a bhí agam riamh’
Ionad Siopadóireachta na Coiribe /The Corrib Shopping Centre was delighted to announce Naoise Geraghty from Scoil Shéamais Naofa Bearna as the winner of the inaugural Comórtas Aiste - ‘An Nollaig is fearr a bhí agam riamh’. Naoise received a beautiful hamper with a...