Fúinn

Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe mar acmhainn eacnamaíoch, i gceantar na Gaillimhe.

Díríonn obair Ghaillimh le Gaeilge ar an méid Gaeilge scríofa atá le feiceáil ar fud na cathrach a mhéadú agus cuirtear sin i gcrích trí sheirbhísí aistriúcháin, agus trí thacaíocht ghinearálta a chur ar fáil chun cur ar chumas an phobail ghnó comharthaí, ceannlitreacha, suíomhanna greasáin, biachláir dhátheangacha ‘srl., a fhorbairt. Is é ár bpríomhfhócas go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil – de bharr go príomha an méid tionchair a bhaineann le timpeallacht dhátheangach a chruthú den chuid is mó, agus de bharr chomh praiticiúil agus a bheadh sé an sprioc sin a bhaint amach le hacmhainní teoranta. Oibríonn muid freisin chun úsáid na Gaeilge labhartha a chur chun cinn tríd ár n-imeachtaí éagsúla gnó lena n-áirítear an Lón Gnó míosúil agus imeachtaí rialta eile.

Maoiniú

Faigheann Gaillimh le Gaeilge a príomh-mhaoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta tríd an gCrannchur Náisiúnta. Tacaíonn Foras na Gaeilge le Plean Teanga Chathair na Gaillimhe, agus soláthraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe maoiniú breise freisin. Chomh maith leis sin, tugtar tacaíocht trí scéim CAIRDE, i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe.

Cé Muid

Ár BhFís

An Bord Stiúrtha

Foireann

Éachtaí

Tuarascálacha Bliantúla

Maoiniú

Cairde Ghaillimh le Gaeilge

Bí i do Chara

Buntáistí