Ciorcal Comhrá

23rd October 2024

Aon Scéal

Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Nó díreach aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa chathair? Bhuel, tabharfaidh ‘Aon Scéal?’ grúpa comhrá chathair na Gaillimhe an deis sin duit! Beidh míle fáilte romhat sa Harbour Hotel ó 7 i.n. - 8 i.n. gach Céadaoin. Tá páirceáil ar fáil ag an óstán.


Maidin Chaife

Bígí linn i Leabharlann Chathair na Gaillimhe ar an dara Déardaoin den mhí ó 11.00am-12.00pm don mhaidin chaifé i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Cathrach agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. ☕

Beidh fáilte roimh gach duine gur mhaith leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge 💚

Coinnigh súil amach ar ár meáin shóisialta don chéad cheann eile.


Ciorcal Comhrá sa PorterShed

Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl ar an dara Máirt den mhí, ag am lóin, ó 1pm go dtí 2pm i PorterShed a Dó, 15 Sráid an Mhargaidh H91 TCX3 (áit a bhí oifig Connacht Tribune tráth). 

Beidh fáilte roimh gach duine gur mhaith leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge 💚

RSVP chuig [email protected] 📩

Related Articles

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...