Do Ghnó

Seo a leanas liosta frásaí úsáideacha gur féidir a úsáid i gcomhfhreagras, i gcomhrá nó ag déanamh do ghnó trí Ghaeilge. Má tá aon aistriúchán eile uait, déan teagmháil linn ar 091 568876 nó seol rphost chuig [email protected]

Frásaí Ginearálta

Dia Duit
– Hello

Dia’s Muire duit
– Hello (reply to Dia duit)

Cén chaoi a bhfuil tú?
– How are you?

Tá mé go maith
– I’m fine

Go raibh míle maith agat
– Thank you very much

Slán go fóill
– Goodbye

Glórphost

Dia Duit, Seán anseo, níl mé ar fáil faoi láthair le do ghlaoch a thógáil. Fág teachtaireacht, go raibh maith agat.
– Hello, Séan here, I am not available at the moment to take your call. Please leave a message, thank you.

Ag déanamh do Ghnó trí Ghaeilge

Ba mhaith liom tuilleadh eolais a fháil faoi…
– I would like some more information about…

An féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge?
– Can I do my business through Irish?

Cén praghas atá ar seo?
– What price will that be?

Cad iad na roghanna eile atá agaibh?
– What other options do you have?

Tá sé ina mhargadh!
– It’s a deal!

Céard é an bealach is fearr le tabhairt faoi?
– What’s the best way to go about it?

An féidir liom mo thicéad a cheannacht uait anseo?
– Can I buy my ticket here?

Ba mhaith liom coinne a dhéanamh do thráthnóna Dé Luain, an bhfuil tú saor ag an am sin?
– I would like to make an appointment for Monday afternoon, are you free then?

Ar an bhFón

Dia duit, Máire anseo
– Hello, Mary here

Dia ‘s Muire duit
– Hello (reply to Dia duit)

Coinnigh an líne le do thoil
– Hold the line please

An féidir liom teachtaireacht a thógáil?
– Can I take a message?

Níl sí anseo faoi láthair
– She is not here at the moment

Go raibh maith agat
– Thank you

Slán
– Goodbye

As an Oifig

Tá mé as an oifig
– I am out of the office

Beidh mé ar ais san oifig ar an…
– I will back in the Office on the…

Bain taitneamh as do chuid laethanta saoire
– Enjoy your holidays

Beidh mé i dteagmháil leat tar éis an dáta sin
– I will be in touch with you after this date

Beannachtaí do Litreacha

A Chara
– (Dear) Sir/Madam

A Eagarthóir, a chara
– Dear Editor

A Dhuine Uasail
– Dear Sir

A Bhean Uasal
– Dear Madam

A Bhainisteoir, a chara
– Dear Manager

A Phádraig, a chara
– Dear Pádraig

A Mháire, a chara
– Dear Máire

A Aire, a chara
– Dear Minister

Is mise, le meas
– (I am) yours respectfully

Is mise, le hArdmheas
– (I am) with highest regard (Signing off with this greeting means you hold the person in question in high esteem)

Le gach dea-ghuí
– With every good wish

Le dea-mhéin
– With kind regards

Slán go fóill
– Bye for now

Ádh Mór
– Good Luck