Lón Gnó

24th October 2024

Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge Lón Gnó gach ráithe chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh i mbialann i lár na Cathrach.

Cuirimid fáilte roimh dhaoine le gach leibhéil líofacht Ghaeilge ag na himeachtaí seo.

Má tá fonn ort do chúpla focal a chleachtadh agus casadh le foghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge eile i suíomh cairdiúil agus neamhfhoirmeálta – bígí linn!

Gliogáil anseo le haghaidh cúpla frása le cabhrú leat!

Related Articles

Ciorcal Comhrá
Ciorcal Comhrá

Beidh Ciorcal Comhrá ann AMÁRACH!!👏Más cainteoir líofa Gaeilge thú, má tá tú ag foghlaim agus ag cur feabhais ar do chuid Gaeilge, nó mura bhfuil ach beagán Gaeilge agat, tá fáilte agus fiche romhat! 💚Ciorcal Ciorcal Comhrá taking place tomorrow! All levels welcome!...

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...