Cairde Ghaillimh le Gaeilge
Is féidir leat tacú le Gaillimh le Gaeilge mar ‘Cara’, ‘ Cara Maith’ nó ‘Dlúthchara’ – gach ceann lena mbuntáistí féin acu.
Tuigimid cuireadh duit a bheith páirteach linn san obair ag cur Cathair na Gaillimhe chun cinn mar Chathair dhátheangach chun stádas dátheangach a neartú.
Chun na buntáistí poitéinsiúla a bhaint amach agus chun luach na Gaeilge do chathair na Gaillimhe a chinntiú, iarraimid oraibh tacú linn agus;
- Os cionn €136 milliún a chinntiú do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe gach bliain
- Ár gcáil náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chathair chultúrtha a bhfuil meas aici ar a hoidhreacht a choinneáil
- Gné uathúil dhíolacháin na Gaillimhe a choinneáil
- ‘Táirge uathúil’ dár Tionscal Turasóireachta a choinneáil
Na Buntáistí
Cara
Cara Maith
Dlúthchara
Cuirí chuig Lónta Gnó Ghaillimh le Gaeilge ag rátaí lascaine agus cuirí chuig imeachtaí sóisialta ar nós Cóisir na Nollag, Fulacht Fia an tSamhraidh agus Líonrú ar Líne chun an ‘cúpla focal’ a chleachtadh nó go deimhin, díreach éisteacht leis an nGaeilge i suíomh cairdiúil
Nuachtlitir mhíosúil, chun thú a choinneáil suas chun dáta le nuacht agus imeachtaí faoi Ghaillimh le Gaeilge agus imeachtaí dátheangacha i gcathair na Gaillimhe
Aitheantas ar shuíomh gréasáin Ghaillimh le Gaeilge
Greamáin Fhuinneoige Chairde (ag taispéaint do chuid tacaíochta do Ghaillimh mar chathair dhátheangach)
Seirbhís Aistriúcháin*
Seirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ - ag treorú comhlachtaí tríd an bpróiseas chun cuid dá ngnó a chur in oiriúint don dátheangachas nó gnó iomlán dátheangach a fhorbairt
Aitheantas ar ghnáthábhar priontáilte Ghaillimh le Gaeilge (Tuarascáil Bhliantúil, Dialann Chairde Ghaillimh le Gaeilge) ag léiriú do chuid tacaíochta d’obair an chomhlachta.
Seirbhís PR – Poiblíocht a dhéanamh ar thograí agus seirbhísí do chomhlachta sna meáin Gaeilge,
Aitheantas ar shuíomh gréasáin Ghaillimh le Gaeilge mar ‘DLÚTHCHARA’.
Is féidir leat comhlacht a ainmniú agus gheobhaidh siad seirbhísí ‘CARA’ saor in aisce ar feadh bliana!
Nó más mian leat labhairt le duine éigin, déan teagmháil linn ag +353 91 568876 nó eolas@gleg.ie