Suíomh Greásáin
Is geata an-tábhachtach atá i do shuíomh greásáin – agus is bealach giontach agus éasca é chun do chuid dhátheangachais a chur in iúl! Molann muidne, is cuma an suíomh idirlín iomlán dhátheangach atá le bheith agat nó an Ghaeilge a bheith san áireamh le roinnt de do chuid cinnteidil agus téacs, go mbeadh an dá theanga le feiceáil ar mhórchuid na leathanach – sa chaoi go mbeidh an dátheangachas le mothú acu siúd atá á úsáid trí Bhéarla agus vice versa.
Seo a leanas roinnt samplaí de shuíomhanna dátheangacha leis an nGaeilge sníthe isteach iontu:
- Bane Mullarky – https://banemullarkey.ie/ga/ – Suíomh Dátheangach
- Morgan Creative – http://www.morgancreative.org/– Suíomh Dátheangach
- Ionad Siopadóireachta na Coiribe: http://www.corribshoppingcentre.com/ – Ceannteidil Dhátheangacha
Dearadh
Tá deis ar leith ag dearthóirí a gcuid oibre a shaibhriú trí an Ghaeilge a chur san áireamh inti, bíodh sin sna bróisiúir, stáiseanóireacht nó pacaistiú an chomhlachta.
Is féidir le dearthóirí comhlachta an teanga a fhí isteach i mbranda an chomhlachta, ag baint úsáid as an teanga chun difríocht a chruthú, chun dearfacht táirge nó branda Éireannach a fheabhsú, nó chun buntáiste iomaíochta a thabhairt don chomhlacht. (Féach an píosa ‘Gaeilge sa Ghnó’ maidir le buntáistí bainteach leis an nGaeilge sa Ghnó)
CLÓ
Tá a dtréithe agus difríochtaí féin ag baint le gach teanga nuair a chuirtear i gcló í. Ina measc tá aiceann agus carachtair eile, minicíocht litreach, cnuasach litreacha agus fad focail. Cruthaíodh cló agus font difriúla chun tréithe teangacha áirithe a chumasú. Is féidir an Ghaeilge a scríobh i leagan nua-aimseartha den ‘bhunchló’, script na SeanGhaeilge, nó sa chló céanna leis an mBéarla. D’fhéadfadh gur mhaith le comhlachtaí agus dearthóirí an script traidisiúnta nó script an Bhéarla a úsáid ag brath ar chomhthéacs agus an íomhá agus branda atáthar ag iarraidh a chur in iúl.
Conas ‘fada’ a aimsiú ar Microsoft Office
Chun fada a chur ar ghuta, lean na céimeanna se-
- Tar éis Word a oscailt cliceáil ar Cuir isteach Insert agus ansin ar siombal symbol;
- Roghnaigh (gnáththéacs) mar chló agus Latin 1 mar fhothacar;
- Cliceáil ar an litir chuí agus ansin ar Cuir isteach insert;
Is féidir eochracha aicearra a roghnú do na litreacha seo (m.sh. Alt agus an guta do ghuta le fada) trí chliceáil ar an eochair aicearra Shortcut Key. Beidh na carachtair seo, má tá siad san áireamh i dtéacs do shuímh idirlín atá ullmhaithe i Word 8 agus sábháilte mar HTML, le feiceáil ar an mbealach ceart nuair a bhreathnaítear orthu i Microsoft Internet Explorer Version4.
Conas ‘fada’ a fháil ar Apple Mac
Chun an fada a fháil ar Apple Mac, roghnaigh an eochar ‘option’ ag an am céanna leis an eochair ‘e’ agus lean ort agus brú an guta atá uait. Mar shampla: roghnaigh ‘option’ maraon le ‘e’ agus ansin an litir a = á agus mar sin do ghach uile ghutha.
Chun fada a chur ar an bhfón cliste
Chun fada a chur ar an bhfón cliste, coinnigh do mhéar brúite ar an nguta atá uait. Tiocfaidh roinnt roghanna aníos ar an scáileán taispeána, an fada san áireamh.
Aistriúchán
Comharthaíocht
Bialanna
Dearadh
Poiblíocht
Frásaí Úsáideacha
Gaeilge sa Ghnó
Tá an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiseas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.
Léigh níos mó