Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair.
📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe
(Beidh tréimhse phromhaidh i gceist.)
💰Tuarastal: €36,450 – €51,750*
(le scéim pinsin)
📍 Suíomh an phoist: Oifig Ghaillimh le Gaeilge, Cathair na Gaillimhe
📅 Spriocdháta: Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost amháin roimh 5.00 i.n., Dé Luain, ar an 9 Samhain 2026.
*Íocfar de réir taithí chuí agus cáilíochtaí.
Más duine thú atá go maith ag spreagadh daoine faoin nGaeilge agus atá ag iarraidh a bheith i lár an aicsin, ba bhreá linn cloisteáil uait!
📧 Ceisteanna: [email protected]




