Pop Up Gaeltacht na Nollag 🎄

03rd December 2024

Is teacht le chéile neamhfhoirmeálta é Pop-Up Gaeltacht. Buaileann Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge ar chumais éagsúla le chéile i dteach tábhairne agus bíonn atmaisféar taitneamhach ann agus iad ag labhairt lena chéile. Úsáideann na rannpháirtithe cibé Gaeilge atá acu i dtimpeallacht chairdiúil agus fháilteach.

Eagraíonn Gaeilge le Gaeilge Pop Up Gaeltacht ar an Déardaoin deirneach de ghach mí i McGinn’s Hop House, 19 Barr an Chalaidh, Gaillimh. Coinnigh súil amach ar na meáin shóisialta le haghaidh uasdátú.

Bígí linn ar an 19ú Nollaig 2024 ó 6.30-8.30 i.n. chun céiliúradh linn le haghaidh ár 'Pop Up Gaeltacht' na Nollag 🎅🏼

#PopUpGaeltacht.

Related Articles

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...