Tóg Gnó Dátheangach
Is féidir le húsáid na Gaeilge cur go mór le do ghnó agus tuilleadh gnó a mhealladh ar bhealach simplí agus ar chostas íseal. Is féidir leat an Ghaeilge a úsáid i go leor bealaí sa ghnó – mar shampla: ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht, ar bhiachláir, i mbróisiúir, suíomh greásáin, na meáin shóisialta agus trí sheirbhís i nGaeilge a chur ar fáil. Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó – tá Gaillimh le Gaeilge anseo chun cabhrú leat!