Aistriúchán
Cuireann Gaillimh le Gaeilge seirbhís aistriúcháin ar fáil tríd an scéim ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’.
Aistriúchán
Cuireann Gaillimh le Gaeilge seirbhís aistriúcháin ar fáil tríd an scéim 'Cairde Ghaillimh le Gaeilge'.
Más Cara Maith nó Dlúthchara thú, is féidir leas a bhaint as seirbhís aistriúcháin Ghaillimh le Gaeilge saor in aisce do chomharthaíocht, do mhargaíocht agus d’ábháir phriontáilte agus biachláir srl.
(Tá costas breise ar dhoiciméid & CV)
Le haghaidh tuilleadh eolais, seol rphost chuig [email protected].
Tá sé fíor-thábhachtach gur aistriúchán cruinn Gaeilge atá agat, go háirithe nuair atá comharthaí á gcur suas agat nó Gaeilge á úsáid ar bhróisiúir nó ábhar eile á phriontáil agat. Is scil speisialta é an t-aistriúchán. Mar sin, beidh seirbhís aistriúcháin ghairmiúil uait.
Ní gá, fiú má tá cúpla teanga ag duine, go bhfuil sé/sí cáililthe chun aistriúchán a dhéanamh. Níor cheart duit, mar sin, iarraidh ar dhuine nach bhfuil cáilithe mar aistritheoir freagracht a ghlacadh as aon obair aistriúcháin. Breathnaíonn botúin litrithe, mar shampla, go-dona don eagraíocht nó don chomhlacht, agus de ghnáth déanann botúin ar chomhartha nó ar ábhar foilsithe an-chuid damáiste do cháil an chomhlachta i leith na teanga agus na timpeallachta áitiúla.
Molann Gaillimh le Gaeilge aon ábhar dátheangach a sheoladh chugainn ag [email protected] roimh dul i gcló.
Foclóir/Áiseanna ar Líne
Seo chugat liosta de na suíomhanna gréasáin ar líne a chabhróidh leat an Ghaeilge a úsáid i do ghnó agus i do shaol laethúil.
Má tá tuilleadh eolais nó moltaí uait, déan teagmháil linn ar 091 568876 nó [email protected].
- Foclóir ar líne www.tearma.ie
- Foclóir ar líne www.focloir.ie
- Gaelspell – Seicealaí Gramadaí & Litriú
- https://www.cruinneog.com/gaelspell_newGA.html
- Logainmneacha Gaeilge -https://www.logainm.ie/
- Ranganna Gaeilge ar líne https://www.bitesizeirish.ie
- Cúrsa Gaeilge ar líne https://www.ranganna.com
- Siopa Leabhar Gaeilge ar líne www.litriocht.com
- Gaelchultúr – Ranganna agus Acmhainní Gaeilge https://gaelchultur.com
- Nuacht Ghaeilge ar líne https://www.tuairisc.ie