Comórtas na Nollag | Christmas Competition

09th November 2024

 

 

Éistigí, lucht gnó na cathrach, tá bhur bhfuinneoga uainn!

An bhfuil tú ag iarraidh a bheith sa seans chun dearbhán luach €250 a bhuachan le haghaidh do ghnó ó Snap Galway?

Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe agus le tacaíocht Snap Galway ag obair le gnólachtaí agus le heagraíochtaí chun Nollaig Shona agus fíor-Ghaillimheach a bheith againn i mbliana!

Cabhraigh linn #NollaigShona #NollaigShona a dhéanamh de Ghaillimh i mbliana ! ☃️ 🎄

Seo chugaibh na bealaí gur féidir libh páirt a ghlacadh...

  • Bí Nollaigiúil le ‘Nollaig Shona’ nó bain úsáid as na frásaí seo thíos!
  • Glac grianghraf, agus seol isteach chugainn (le do chead an grianghraf a úsáid ar na meáin) nó uaslódáil é agus clibeáil muid ar líne!
  • Gheobhaidh an fhuinneog is Nollaigiúla dearbhán luach €250 ó Snap Galway – GRMA!

    Téarmaí don Nollaig | Phrases for Christmas

    Nollaig Shona – Merry Christmas

    Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise – Merry Christmas and a Happy New Year

    Beannachtaí na Nollag– Christmas Greetings

    Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gCustaiméirí go léir – Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our Customers

    Beannachtaí an tSéasúir – Season’s Greetings

    Nollaig faoi Shéan ‘s faoi Mhaise – Christmas Greetings

    Ba mhaith le (ainm an chomhlachta) Nollaig Shona agus Beannachtaí na hAthbhliana a ghuí ar ár gcuid Custaiméirí go léir – (The Company name) wish all our customers a Merry Christmas and a Happy New Year

    Daidí na Nollag – Santa Claus

    Bronntanas Nollag – Christmas Present

    Lá an Dreoilín /Lá Fhéile Stiofáin – St Stephen’s Day

    Oíche Chinn Bliana – New Year’s Eve

    Lá Caille or Lá na Bliana Nua – New Year’s Day

    Nollaig na mBan – Little Christmas

     


    Spriocdháta an Chomórtais: 8ú Nollaig 2024.

    Related Articles

    Club Reatha na Gaillimhe

    Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

    Caife agus Comhrá 15/10/2026
    Caife agus Comhrá 15/10/2026

    An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...

    Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí
    Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí

    Beidh Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí ar siúl arís ar an Satharn an 17 Deireadh Fómhair ag 11.30 r.n. -12.30 i.n. i Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gailimhe. 💚Do pháistí ó 0-5 bliana d'aois. 💚Saor in aisce. 💚Tuilleadh eolais ag Gaillimh le Gaeilge ag...