Comórtas na Nollag | Christmas Competition

09th November 2024

 

 

Éistigí, lucht gnó na cathrach, tá bhur bhfuinneoga uainn!

An bhfuil tú ag iarraidh a bheith sa seans chun dearbhán luach €250 a bhuachan le haghaidh do ghnó ó Snap Galway?

Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe agus le tacaíocht Snap Galway ag obair le gnólachtaí agus le heagraíochtaí chun Nollaig Shona agus fíor-Ghaillimheach a bheith againn i mbliana!

Cabhraigh linn #NollaigShona #NollaigShona a dhéanamh de Ghaillimh i mbliana ! ☃️ 🎄

Seo chugaibh na bealaí gur féidir libh páirt a ghlacadh...

  • Bí Nollaigiúil le ‘Nollaig Shona’ nó bain úsáid as na frásaí seo thíos!
  • Glac grianghraf, agus seol isteach chugainn (le do chead an grianghraf a úsáid ar na meáin) nó uaslódáil é agus clibeáil muid ar líne!
  • Gheobhaidh an fhuinneog is Nollaigiúla dearbhán luach €250 ó Snap Galway – GRMA!

    Téarmaí don Nollaig | Phrases for Christmas

    Nollaig Shona – Merry Christmas

    Nollaig Shona agus Athbhliain faoi MhaiseMerry Christmas and a Happy New Year

    Beannachtaí na Nollag– Christmas Greetings

    Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise dár gCustaiméirí go léir – Happy Christmas & a Healthy & Prosperous New Year to all our Customers

    Beannachtaí an tSéasúir – Season’s Greetings

    Nollaig faoi Shéan ‘s faoi MhaiseChristmas Greetings

    Ba mhaith le (ainm an chomhlachta) Nollaig Shona agus Beannachtaí na hAthbhliana a ghuí ar ár gcuid Custaiméirí go léir(The Company name) wish all our customers a Merry Christmas and a Happy New Year

    Daidí na Nollag – Santa Claus

    Bronntanas Nollag – Christmas Present

    Lá an Dreoilín /Lá Fhéile Stiofáin – St Stephen’s Day

    Oíche Chinn Bliana – New Year’s Eve

    Lá Caille or Lá na Bliana Nua – New Year’s Day

    Nollaig na mBan – Little Christmas

     


    Spriocdháta an Chomórtais: 8ú Nollaig 2024.

    Related Articles

    Saoirse sa Taibhdhearc
    Saoirse sa Taibhdhearc

    Screenshot Cuireann an Taibhdhearc an chéad taibhiú den cheoldráma SAOIRSE i láthair ón 10 - 26 Iúil mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Suite i nGaeltacht Chiarraí, is ceoldráma greannmhar, croíúil é SAOIRSE a cheiliúrann an chéadsearc agus an...

    Caife agus Comhrá sa Leabharlann
    Caife agus Comhrá sa Leabharlann

    Beidh Caife agus Comhrá ar siúl an Déardaoin beag seo i Leabharlann Chathair na Gaillimhe  The Coffee and Chat group will take place on Thursday in Galway City Library. 📅 Déardaoin, 18 Meitheamh| Thursday, 18th of June🕐 14:30am – 15:30pm📍 Leabharlann...