Beidh Tonnta ar siúl arís! Tonnta is Back!

10th October 2025

Taylor Swift as Gaeilge agus Padraig Jack mar phríomhcheoltóirí ag Tonnta 2026 – Féile Dhátheangach ag Ceiliúradh an Cheoil agus na Gaeilge. Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun ticéid a chur in áirithe ar líne, tabhair cuairt ar www.tonnta.eu.

D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, go bhfuil ticéid ar fáil anois do Tonnta 2026 ag Lón Gnó an Fhómhair do Chairde Ghaillimh le Gaeilge

Tar éis gur díoladh na ticéid go léir don dá fhéile dheireanach, beidh Tonnta, féile na Gaillimhe ina ndéantar ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar Ghaillimh mar chathair dhátheangach, ar siúl arís! Beidh an fhéile ar siúl in 2026 ón 29 Eanáir go dtí an 1 Feabhra, agus tá an chéad sraith príomhimeachtaí díreach fógartha. Fógrófar clár iomlán na féile ar an 15 Nollaig, agus is cinnte go ndéanfar ceiliúradh eile ar an teanga, an ceol, agus an chruthaitheacht nach ligfear i ndearmad ar dheireadh seachtaine Naomh Bríde.

Is é an príomhimeacht i bhféile na bliana seo chugainn ná Tionscadal Taylor Swift: Sreang Dhofheicthe i gcomhar le IMRAM ag Amharclann Halla na Cathrach, Dé Sathairn, an 31 Eanáir ag 7.30pm. Athshamhlaítear sa léiriúchán spreagúil nua seo amhráin le Taylor Swift óna halbaim folklore agus evermore i nGaeilge, a chasfaidh Róisín Seoighe x IMLÉ leis an aoi speisialta Jessie Dingle. Gabhann íomhánna allabhracha leis an ealaíontóir Margaret Lonergan leis na liricí, a ndearna Gabriel Rosenstock aistriúchán álainn orthu, a chruthaíonn meascán cumhachtach d’amhráin, filíocht, agus ealaín.

Beidh Padraig Jack agus a Chairde ar an stáitse mór freisin ag An Taibhdhearc Déardaoin an 29 Eanáir ag 8pm, áit a gcuirfidh an t-amhránaí is scríbhneoir clúiteach ó Oileáin Árann beocht ina cheol tíre spreagthach dátheangach i dteannta banna iomlán agus aíonna speisialta. Déantar fuaim chomhaimseartha a mheascadh le háilleacht liriciúil na Gaeilge i gceol Padraig Jack agus cothaítear meanma agus croí scéalaíochta an iarthair ann

Beidh Tonnta—a chruthaigh Gaillimh le Gaeilge—ar siúl arís ón 29 Eanáir go dtí an 1 Feabhra 2026, agus tugtar cuireadh do gach duine—cainteoirí líofa, foghlaimeoirí, agus cainteoirí céaduaire ina measc— chun páirt a ghlacadh sa Ghaeilge ar bhealach spraíúil, ionchuimsitheach, agus fáilteach.

Is féidir leat casadh linn freisin ar Lá Fhéile Bríde i gcroílár na Gaillimhe chun ceiliúradh spreagúil a dhéanamh ar spiorad matrarcach agus ar lasair chruthaitheach na hÉireann. Suite laistigh de thimpeallacht álainn Eaglais San Nioclás, tabharfar le chéile san imeacht lae seo ceardlanna ceardaíochta traidisiúnta, drumadóireacht treibhe, agus scéalaíocht béaloidis i dtionól lúcháireach comhchoiteann.

Foghlaim seanscil, inis scéal nua, agus déan ceangal le daoine eile tríd an gcruthaitheacht agus an rithim theagmhálach. Léireoimid onóir le chéile ar Naomh Bríd — bandia, naomh, agus siombail den athnuachan — agus an iomaí bandia feimineach a spreagann traidisiúin mharthanacha na hÉireann. Lá rithime, deasghnátha, agus pobail — fáilte roimh chách.

Anuas ar na príomhléirithe seo, gealltar i gclár Tonnta 2026 meascán spreagúil ealaíne, cruthaitheachta agus pobail. Tabharfar cuireadh in Am Priontála (Let’s Print) don lucht féachana rudaí a dhéanamh, a fhoghlaim agus a cheiliúradh trí cheardlanna teagmhálacha agus scéalaíocht, agus déanfar ceiliúradh in Mnásome Geeze ar Naomh Bríd trí sheó grinn beo a bheidh líon lán le filíocht, ceol rap, scigaithris agus ceol. Titfidh Seisiún Ceoil na mBan amach i dteach tábhairne The Crane agus cuirfear Lá na bPáistí i gcomhar le Cúlú4 ar siúl arís ina mbeidh meascán mearaí de spraoi don teaghlach. Anuas air sin uile, cuirfidh The Dirty Circus deireadh leis an bhféile le hoíche dhátheangach spleodrach de cabaret, greann agus ceiliúradh nach ligfear i ndearmad.

Tionscnamh de chuid Ghaillimh le Gaeilge é Tonnta agus déantar é a chur i láthair buíochas le tacaíocht luachmhar ár n-urraitheoirí.

Déannann muid ceiliúradh i Tonnta ar an bpobal agus ar a gcaidreamh leis an nGaeilge, agus Gaillimh dhátheangach. Cibé acu atá tú líofa, ag foghlaim, nó díreach fiosrach, tugann an fhéile dhátheangach seo cuireadh do chách, nascadh, ceiliúradh, taitneamh agus spraoi a bhaint as an nGaeilge ar an mbealach is suimiúla.

Bríd Ní Chonghóile, CEO of Gaillimh le Gaeilge,

Tá sé comh-mhaoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge trí Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe.  Claddagh Credit Union, Cúla4, RTÉ Supporting the Arts, and TG4 also support this bilingual initiative. 

Beidh an clár iomlán do Thonnta 2026 á nochtadh ar an 15 Nollaig, le himeachtaí ar fud na cathrach ó 29 Eanáir go 1 Feabhra. Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun ticéid a chur in áirithe ar líne, tabhair cuairt ar www.tonnta.eu agus lean tonnta26 ar Instagram agus Facebook.

Related Articles

Maidin Chaife na Nollag
Maidin Chaife na Nollag

Maidin Chaife with Christmas Carols! Join us at Galway City Library on Wednesday the 3rd of December from 11.00am-12.00pm for our Maidin Chaife with Christmas Carols and festive treats with Majella O’Meara 🎄🎵 We welcome learners and those who wish to practice their...