Urraí Ghradam 2026 fógartha ag Méara Chathair na Gaillimhe

16th January 2026

Is féidir le gnólachtaí agus le heagraíochtaí lonnaithe i gCathair na Gaillimhe cur isteach ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 26 anois. Tá an Gradam oscailte go dtí an mhí seo chugainn, Déardaoin an 12 Feabhra.

Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4, agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe an Gradam gach bliain. Déanann sé ceiliúradh ar an nGaeilge i ngnólachtaí agus in eagraíochtaí na Cathraach agus treisíonn sé stádas oifigiúil na cathrach mar chathair dhátheangach.


D’fhógair Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, na hurraí go léir do Ghradam 26 ag fótasheisiún i Músaem Cathrach na Gaillimh an tseachtain seo. Bhí sé i gcuideachta Chathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an tOllamh John Breslin, agus na hurraí ar fad a thacaíonn leis an nGradam – go leor acu ag tabhairt tacaíochta os cionn scór bliain. Tugtar chun solais ina dtiomantas leanúnach agus an meas atá ar an ngradam agus léirítear ann an borradh atá tagtha ar an spéis mhór sa Ghaeilge ar fud na Gaillimhe.

Top of Form

Bottom of Form

Cén fáth gur fiú cur isteach ar an nGradam:

  • Níl aon chostas iontrála.
  • Is fiú os cionn €40,000 luach iomlán na nduaiseanna agus na mbuntáistí
  • Aitheantas mar “Treibh Nua” na Gaillimhe don bhliain amach romhainn
  • Próifíl níos mó trí na meáin áitiúla agus náisiúnta

Tá eagraíochtaí i nGaillimh a bhfuil aithne mhaith orthu, cosúil le Irish Socksciety, Eaglais Choláisteach San Nioclás, agus Lally Tours i measc na mbuaiteoirí roimhe seo.

Príomhurraí an Ghradaim:

  • Galway Advertiser agus TG4

Urraí na gCatagóirí:

  • Galway Bay FM – Miondíol Miondíol
  • Fáilte Ireland – TurasóireachtTurasóireacht
  • Computer Troubleshooters – Seirbhís CustaiméaraCustomer Service
  • Platform94 – Digiteach Digiteach
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe – Pobal & Cultúr Community & Culture

Tacaíocht Bhreise

  • Déanfaidh Údarás na Gaeltachta urraíocht ar dhealbha saincheaptha beaga an Ghradaim do bhuaiteoir gach catagóire, a dhear an t-ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney go speisialta don Ghradam.
  • Cuirfidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge ballraíocht bhliana ar fáil don bhuaiteoir iomlán freisin.

How to Enter

  • Spriocdháta d’iontrálacha: Déardaoin, 12 Feabhra 2026
  • Líon isteach an fhoirm ghairid atá ar fáil ag https://gleg.ie/gaeilge/gradam-sheosaimh-ui-ogartaigh-form/
  • Níl aon chostas iontrála
  • Is féidir leat do ghnólacht/d’eagraíocht féin nó gnólacht/eagraíocht eile atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe a ainmniú.

Ní gá a bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh. Cuideoidh Foireann Ghaillimh le Gaeilge leat gach céim den bhealach leis an seirbhís An Ghaeilge sa Ghnó.

Related Articles

Maidin Chaife na Nollag
Maidin Chaife na Nollag

Maidin Chaife with Christmas Carols! Join us at Galway City Library on Wednesday the 3rd of December from 11.00am-12.00pm for our Maidin Chaife with Christmas Carols and festive treats with Majella O’Meara 🎄🎵 We welcome learners and those who wish to practice their...