Make it a Nollaig Shona ó Ghaillimh this Christmas
Tá Gaillimh le Gaeilge agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag spreagadh gnólachtaí chun lonrú trí Ghaeilge!
Ag cur leis an rath a bhí ar thionscnamh na bliana seo caite, tá Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge ag tabhairt cuireadh do ghnólachtaí ar fud Chathair na Gaillimhe beagán de dhraíocht na Nollag a chur lena n-aghaidheanna siopaí an Nollaig seo trí pháirt a ghlacadh sa Chomórtas Nollaig Shona ó Ghaillimh – an Fhuinneog is Fearr Maisithe.
Tugtar cuireadh sa tionscnamh do ghnólachtaí áitiúla i measc na n-earnálacha go léir a bhfuinneoga agus a n-aghaidheanna siopa a mhaisiú le taispeántais chruthaitheacha Nollag ina léirítear draíocht na Nollag i nGaillimh – agus a dhéanann ceiliúradh san am céanna ar chultúr beoga dátheangach na cathrach tríd an nGaeilge a chur san áireamh ina ndearaí.
The winner will receive a €500 Love Galway/Grá do Ghaillimh Gift Card Bronnfar Cárta Bronntanais Love Galway/Grá do Ghaillimh ar luach €500 ar an mbuaiteoir. Ní ghlactar leis an gcárta bronntanais nua seo ach amháin i ngnólachtaí rannpháirteacha i nGaillimh, rud a chinntíonn go bhfanann gach euro a chaitear laistigh den gheilleagar áitiúil. Trí dhaoine a spreagadh chun siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil an Nollaig seo, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh cuidiú le lár Chathair na Gaillimhe a choinneáil bríomhar, agus ag an am céanna tacú leis an iliomad bailte agus sráidbhailte a dhéanann áit chomh speisialta sin de Ghaillimh le cónaí ann, le bheith ag obair ann agus le cuairt a thabhairt air.

Ag labhairt di ag an seoladh dúirt Karen Ronan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann Tráchtála na Gaillimhe:
“Bealach iontach é an comórtas Nollaig Shona ó Ghaillimh chun séasúr na Nollag a cheiliúradh agus cruthaitheacht, meanma phobail, agus féiniúlacht dhátheangach na Gaillimhe á dtabhairt chun solais san am céanna. Spreagann muid gach gnólacht áitiúil páirt a ghlacadh, a bhfuinneoga a lasadh, agus beocht a chur sa Ghaeilge ina dtaispeántais. Is deis é chun draíocht faoi leith na Gaillimhe um Nollaig a thaispeáint agus chun tacú leis an trádáil áitiúil ar fud na cathrach.”
Dúirt Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge:
“Tá áthas orainn a bheith ag comhoibriú le Cumann Tráchtála na Gaillimhe ar an tionscnamh dátheangach seo.
Is bealach iontach é an comórtas Nollaig Shona ó Ghaillimh chun gnólachtaí a spreagadh an Ghaeilge a bheith mar chuid d’atmaisféar na Nollag sa chathair. Tá súil againn go nglacfaidh go leor gnólachtaí páirt ann agus go dtabharfaidh siad níos mó Gaeilge isteach i gcroílár cheiliúradh na Nollag i nGaillimh. Bíonn Gaillimh le Gaeilge sásta i gcónaí comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do ghnólacht ar bith atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur san áireamh ina dtaispeántais.”
Conas páirt a ghlacadh /How to Enter
Is féidir le gnólachtaí páirt a ghlacadh sa chomórtas agus teacht ar shonraí iomlána ag:
👉 https://galwaychamber.com/nollaig-shona/
Spriocdháta d’iontrálacha /Deadline for entries: Dé Luain, an 7 Nollaig
Le bheith incháilithe, caithfear roinnt úsáide a bhaint as an nGaeilge i ngach taispeántas.
An dteastaíonn cúnamh uait leis an nGaeilge? Need a Hand with the Irish?
Gaillimh le Gaeilge is available to help any business that would like guidance on incorporating festive Irish phrases into their displays.
Visit https://gleg.ie/gaeilge/nollaig-shona/



