Comórtas Gnó do Lá Fhéile Pádraig

7ú Márta 2025

Éistigí, lucht gnó na cathrach, tá bhur bhfuinneoga uainn!

Tá Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe ag obair le gnólachtaí agus le heagraíochtaí chun An Ghaeilge a chur in airde arís ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana! ☘️

An bhfuil tú ag iarraidh a bheith sa seans chun dearbhán Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire €100 a bhuachan? Míle Buíochas le Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe.

Seo chugaibh na bealaí gur féidir libh páirt a ghlacadh...

  • Déanaimis ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach – cuir ‘Lá Fhéile Pádraig Sona Daoibh’ in airde ar bhur fuinneoga nó bain úsáid as na frásaí seo thíos! ‘Lá Fhéile Pádraig Sona Daoibh’ and other Irish phrases below!

  • Glac grianghraf, agus seol isteach chugainn ar [email protected] (le do chead an grianghraf a úsáid ar na meáin) nó uaslódáil é agus clibeáil muid ar líne!

  • Gheobhaidh an fhuinneog is Gaelaí dearbhán ‘Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe’ luach €100! €100 Eyre Square Shopping Centre Voucher!

Téarmaí do Lá Fhéile Pádraig:

  • Lá Fhéile Pádraig = Saint Patrick’s Day
  • Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh = St. Patrick’s Day blessings upon you
  • Bain sult as Lá Fhéile Pádraig = Enjoy St. Patrick’s Day
  • Lá Fhéile Pádraig Sona Daoibh! = Happy St. Patrick’s Day!
  • Caith do sheamróg ar Lá Fhéile Pádraig =Wear your shamrock on St. Patrick’s Day
  • Déan ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig = Celebrate on St. Patrick’s Day
  • Sláinte agus táinte! = Health and wealth!
  • Tír gan teanga, tír gan anam = A country without a language, a country without a soul

Spriocdháta: 17ú Márta 2025. Fógrófar an buaiteoir ar an gCéadaoin, 19ú Márta 2025.

Tuilleadh Eolais: Gearóidín Hynes, Bainisteoir Tograí, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh.

Fón: 091 568876 | Ríomhphost: [email protected]  

Related Articles

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí

Beidh Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí ar siúl arís ar an Satharn an 17 Deireadh Fómhair ag 11.30 r.n. -12.30 i.n. i Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gailimhe. 💚Do pháistí ó 0-5 bliana d'aois. 💚Saor in aisce. 💚Tuilleadh eolais ag Gaillimh le Gaeilge ag...

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 

Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair. 📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe(Beidh...