Bríd Ní Chonghóile

Príomhfheidhmeannach

Is as Ceathrú na gCloch i nGaeltacht Chontae Mhaigh Eo do Bhríd Ní Chonghóile. Tá níos mó ná fiche blian de thaithí ag Bríd ag cur Gaillimh chun cinn mar Chathair Dhátheangach agus mar lár-ionad domhanda don Chultúr Ceilteach Éireannach do phobail na hÉireann agus na hEorpa araon. Mar Phríomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, is é an príomhfhreagracht atá uirthi ná bainistíocht laethúil a dhéanamh ar Ghaillimh le Gaeilge, fás agus forbairt a chur faoi phlean gníomhaíochta an Bhoird ar bhealach forásach agus nuálach, mar aon le caidrimh láidre ghnó agus nascanna a chruthú agus a chothú le gnólachtaí, grúpaí spóirt agus deonacha, páirtithe leasmhara, ranna rialtais agus grúpaí ábhartha eile. Chaith Bríd tréimhse mar Chomhalta Boird de Chumann Trachtála na Gaillimhe, VEC Chathair na Gaillimhe, (anois GRETB) Foras na Gaeilge, Grúpa Turasóireacht Cathrach agus Contae na Gaillimhe agus tá sí ina ball de Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe. Is iar-Uachtarán í de chuid Network Ireland Gaillimh agus iar-bhall í d’Fheidhmeannacht Náisiúnta Network Ireland, an eagraíocht do mhná i nGnó, sna Gairmeacha agus sna hEalaíona. Bronnadh duais ‘Síntiús dearscnaithe do Ghnó i nGaillimh’ ar Bhríd ag Gradaim Mhná Gnó na Bliana de chuid Network agus bronnadh Gradam Vodafone ‘Passion for the World Around Us’ i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe uirthi chomh maith, de bharr a tiomantas i gcur na Gaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe.