Gearóidín Hynes

Bainisteoir Tograí

Is ó Chathair na Gaillimhe Gearóidín ó dhúchais. Bhain sí amach céim sa Ghaeilge, Socheolaíocht agus Polaitíocht in OÉ Gaillimh agus ansin lean sí ar aghaidh chun Máistreacht a bhaint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leis an scoil FIONTAR. D’oibrigh Gearóidín le roinnt eagraíochtaí i mBaile Átha Cliath, ina measc siúd bhí Ionad Ealaíne Axis, Coláiste Phádraig agus Foras na Gaeilge. Ina ról mar Bhainisteoir Tógraí, bíonn Gearóidín i bhfeighil ar réimse leathan tógraí ar nós Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gaeilge sa Ghnó, Eolaire Gnó, Dialann Ghaillimh le Gaeilge, Gaeilge ar na Biachláir agus Pioc Suas Mé. Bíonn Gearóidín i dteagmháil le hionadaí ón lucht gnó go rialta chun comhairle agus cúnamh a thabhairt dóibh ag úsáid na Gaeilge ina gnó. Tá Gearóidín freagrach as forbairt agus uasdátú www.gleg.ie