Sinéad Ní Chuinn
Oifigeach Forbartha & Cumarsáide
Tógadh go dátheangach Sinéad Ní Chuinn i gContae Laoise, lár na tíre agus tá sí ag cur fúithi i nGaillimh le cúig bliana anuas. Ag fás aníos, mhúscail a máthair inti an grá atá aici don Ghaeilge, á múineadh di sa bhaile agus sa seomra ranga agus í mar mhúinteoir aici i nGaelscoil Phort Laoise. Is cuimhin léi a máthair ag canadh amhrán agus ag léamh dánta as Gaeilge dóibh sa seomra ranga. Chuir a máthair beocht ar leith sa teanga di agus thuig sí ó shin i leith go mbeadh saol trí Ghaeilge uaithi. Chuaigh Sinéad ar aghaidh chun céim onóracha a bhaint amach i Léann an Aistriúcháin agus Léann na Cumarsáide in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2024. Sa tríú bhliain ar an ollscoil chuaigh Sinéad ag obair le Cúla4 mar Chomhordaitheoir ar na Meáin Shóisialta. I rith na tréimhse sin, seoladh cainéal úrnua Cúla4. Bronnadh dioplóma uirthi sa mhargaíocht ar na meáin shóisialta ó Acadamh Gairmiúil UCD in 2023. I ndiaidh na hollscoile, d’oibrigh sí le Ros na Rún mar Bhainisteoir Urláir agus d’oibrigh sí ar roinnt cláir eile de chuid TG4 agus Cúla4. Mar dhuine óg, tá sí tiomanta don Ghaeilge a bheith faoi bhláth i gCathair na Gaillimhe. Tá lúcháir uirthi a bheith mar chuid d’fhoireann Ghaillimh le Gaeilge agus dul chun cinn na Gaeilge sa chathair spleodrach seo.
