Féile Idirnaisiúnta Ealaíon na Gaillimhe – BAOITE sa Taibhdhearc

04th July 2018

Mór-choimisiún nua de chuid Amharclann na Mainistreach á léiriú ag An Taibhdhearc i gcomhar le Galway International Arts Festival

Déardaoin 12 – Domhnach 22 Iúil 2018 @7.30pm

Matinees 14 & 22 Iúil @ 2pm

“…an ciúnas a chreimfeas an ceantar seo –

níos measa ná ceimiceán ar bith…”

Scéal cumhachtach, comhaimseartha é BAOITE faoi lánúin iascaireachta a bristear ó chéile de bharr ciúnas agus bréaga an phobail agus iad sáite in agóid in aghaidh comhlachta fraiceála mara. Scalann an scéinséir dramatúil seo solas lom géar ar shícé tuaithe na hÉireann – sícé an chiúnais, sícé an náire agus sícé na mbréag, trí shúile an phríomhcharachtair, Cáit.

Tá Cáit ag iarraidh gasúir. Agus a tríú hiarracht ar IVF ag teip, tá cinneadh tromchúiseach le tógáil aici – seasamh lena pobal agus iad ag cur in aghaidh na fraiceála – nó loic ar a muintir agus a comharsainn ar mhaithe le mian a croí féin.

Tá scoth na n-aisteoirí páirteach sa dráma seo: Siobhan O’Kelly, Macdara Ó Fátharta, Diarmuid De Faoite, agus Seán T. Ó Meallaigh, le ceol nua-chumtha á chasadh beo ag Saileog Ní Cheannabháin agus Maitiú Ó Casaide. Is é an tEalaíontóir Seán Ó Flaithearta atá i mbun dearaidh agus is é an t-údar Darach Mac Con Iomaire atá i mbun léirithe.

Beidh tóir mhór ar na ticéid don dráma seo agus moltar don phobal ar spéis leo BAOITE a fheiceáil a gcuid ticéad a chur in áirithe go luath trí ghlaoch ar An Taibhdhearc ag 091 562024 nó ar líne ag www.antaibhdhearc.com.

 “..Ná habair tusa focal – ach coinnigh agat féin é, ní fhaca tú tada – is níl milleán ar éinne…”

Ticéid €25/€20 Áirithintí 091 562024

www.antaibhdhearc.com

Related Articles

Urraí Ghradam 2026 fógartha ag Méara Chathair na Gaillimhe
Urraí Ghradam 2026 fógartha ag Méara Chathair na Gaillimhe

Click Here to Enter Online Businesses and organisations in Galway City can now enter Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 26 for a chance to win prizes and benefits worth over €40,000, along with the prestigious title of Galway’s bilingual business of the year. Organised by...

Maidin Chaife na Nollag
Maidin Chaife na Nollag

Maidin Chaife with Christmas Carols! Join us at Galway City Library on Wednesday the 3rd of December from 11.00am-12.00pm for our Maidin Chaife with Christmas Carols and festive treats with Majella O’Meara 🎄🎵 We welcome learners and those who wish to practice their...