Fógraíonn An tAire Gaeltachta, Dara Calleary, T.D., Irish Socksciety mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam 2025

28th May 2025

Fógraíodh Just Art It, Plámás, Daróg Wine Bar agus Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe mar bhuaiteoirí bródúla na gcatagóirí i nGradam na bliana seo freisin. Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt sa Ghradam, agus buíochas ó chroí as a dtiomantas ollmhór don Ghaeilge agus don saol dátheangach i nGaillimh. Gaillimhe were announced as proud category winners.

Tionóladh an 23ú searmanas mór bronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh Dé Luain, an 26 Bealtaine ag Óstán Chuan na Gaillimhe. Déanann an Gradam ceiliúradh ar shármhaitheas i seirbhís dhátheangach i measc gnólachtaí agus eagraíochtaí ar fud Chathair na Gaillimhe. Bhailigh Gearrliosta an Ghradaim lena dteaghlaigh, lena gcomhghleacaithe agus cairde, in éineacht le baill de Chairde Ghaillimh le Gaeilge chun éachtaí dátheangacha na bliana seo a cheiliúradh agus a chomóradh.

Bhain na haíonna taitneamh as tráthnóna pléisiúrtha ceoil thraidisiúnta, inar sheinn grúpa ceoltóirí a bhfuil aithne mhaith agus ardmheas orthu. Ina measc, bhí Mick Crehan (an fheadóg), Andres Trajberg (an fhidil/an fheadóg mhór), Mayo Yanachi (an fhidil), George Grosso (an basúcaí), Niall McQuaid (an bodhrán), and Johnny O’Halloran (an mileoidean). Buaicphointe speisialta den tráthnóna ab ea amhráin le Pádraig Jack, an t-amhránaí is scríbhneoir dátheangach ó Oileáin Árann, agus bhí an lucht freastail an-tógtha lena chuid ceoil.

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, tús leis an searmanas trí Theastais an Ghradaim a bhronnadh ar gach duine de na craobhiomaitheoirí mar aitheantas ar a dtiomantas don Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair na Gaillimhe.

Ba é buaicphointe an tráthnóna nuair a d’fhógair An tAire Gaeltachta, Dara Calleary, TD, gurbh iad Irish Socksciety buaiteoir iomlán Ghradam 2025. Bronnadh teideal 15ú Treibh na Gaillimhe freisin orthu nuair a bronnadh an gradam orthu, agus beidh an gradam seo acu go bródúil don bhliain amach rompu.

Ag labhairt dó faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, dúirt An tAire Gaeltachta Dara Calleary, TD:

“Is sampla iontach é Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh den iliomad deiseanna a chruthaíonn an Ghaeilge i ngach gné de shaol Chathair na Gaillimhe — ó shiopaí agus chaiféanna go dtí scannánaíocht, gnóthaí, grúpaí pobail, agus an domhan digiteach. Taispeánann an Gradam go bhfuil an teanga ní hamháin mar chuid dár bhféiniúlacht, ach gur sócmhainn luachmhar í freisin inár ngnó, ár mbrandáil, agus i rannpháirtíocht an phobail.”

Anuas ar an mbuaiteoir iomlán, chuir An tAire Gaeltachta buaiteoirí catagóire na bliana seo i láthair.

Just Art It sa Chatagóir ‘Taithí Mhiondíola’ urraithe ag Galway Bay FM;

Daróg Wine Bar sa Chatagóir ‘Turasóireacht’ urraithe ag Fáilte Ireland;

Plámás sa Chatagóir ‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters;

Club Seoltóireacht Húicéirí na Gaillimhe sa Chatagóir ‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

Ó bunaíodh iad in 2017, tá Irish Socksciety tar éis glacadh go hiomlán leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach i ngach gné dá mbranda. Ón dearadh atá ar a gcuid stocaí go dtí an pacáistiú, an suíomh gréasáin, na meáin shóisialta agus an chumarsáid le custaiméirí – tá an Ghaeilge mar chuid lárnach, bheoga dá bhféiniúlacht.

Le gairid, leathnaigh siad a dtairiscint chun raon ildaite stocaí páistí a chur ar fáil, ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil go soiléir. Chomh maith leis sin, eagraíonn siad comórtais spraíúla a spreagann an pobal le bheith cruthaitheach agus dearadh nua stocaí trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn.

Tacaíonn na bunaitheoirí, Joanna Ciezka agus Alex Kieldanowicz, leis an nGaeilge go díograiseach. Is as an bPolainn ó dhúchas dóibh. Tá a ndíograis agus a spéis sa teanga le feiceáil go soiléir sna bealaí nuálacha agus greannmhara a chuireann siad an Ghaeilge chun cinn — céim ar chéim.

Níos luaithe sa tráthnóna, fógraíodh gurbh iad buaiteoirí na Catagóire ‘Digiteach’, urraithe ag Platform 94, agus lean siad orthu lena mbua mór trí Ghradam Foriomlán na bliana a bhaint amach. Bronnadh píosa dealbhóireachta álainn orthu, a dearadh go speisialta don Ghradam ag an ealaíontóir mór le rá Pádraic Reaney, le 14 Threibh na Gaillimhe léirithe ann, mar aon le “Treibh nua na linne seo” mar shiombail ar bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus ar na buaiteoirí a bheidh ann amach anseo.

Fuair buaiteoirí na gCatagóirí pacáiste gnó ar fiú €2,000 é ón urraitheoir a bhain leis an gcatagóir a raibh siad ann. Bronnadh macasamhail Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh orthu freisin, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

I mbliana, roghnaigh na Moltóirí Soundtrack & Podcast lonnaithe ar Shráid Doiminic do Bhronnadh Speisialta na Moltóirí, urraithe ag Judy Greene Pottery.

Déantar Bronnadh Speisialta na Moltóirí, le haitheantas a thabhairt do ghnólacht a bhí istigh ar an nGradam den chéad uair agus a bhain amach caighdeán chomh hard agus go gcaithfí aitheantas a thabhairt dó.

Mar aitheantas ar a n-úsáid leanúnach agus chomhsheasmhach ar an nGaeilge, bronnadh scoláireacht ollscoile ar The little Siopa – ‘An Dioplóma sa Ghaeilge’, cúrsa dhá bhliain dírithe ar fhoghlaim na teanga. Tá an cháilíocht urraithe go hiomlán ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

Ag labhairt dó faoin bpróiseas moltóireachta i mbliana, dúirt Éanna Ó hÓgartaigh: 

“Mar mholtóirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, bhíomar an-tógtha le húsáid nádúrtha na Gaeilge i ngnólachtaí agus eagraíochtaí ar fud na cathrach. Bhí sé soiléir le feiceáil gur buntáiste straitéiseach í an Ghaeilge, ní hamháin i gcumarsáid le cainteoirí dúchais, ach freisin mar shócmhainn luachmhar i measc cuairteoirí agus turasóirí. Léirigh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana an fás agus an fuinneamh atá ag baint le húsáid na Gaeilge i saol tráchtála agus pobail na cathrach. Tá sé soiléir go bhfuil stádas na teanga i nGaillimh ag dul ó neart go neart.”

Ag an ócáid, bhronn an Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, duais speisialta ar Bhailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe as ucht a saothair luachmhar i gcur chun cinn na Gaeilge trí chomharthaíocht chruthaitheach agus shoiléir. Chabhraigh a gcuid oibre go mór le híomhá dhátheangach na cathrach agus le feasacht an phobail faoin nGaeilge. Ghlac Donncha Foley, ball den choiste, leis an duais speisialta urraithe ag Just Art It.

Rinne Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an tOllamh John Breslin comhghairdeas leis na buaiteeoirí ar fad.

Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge buíochas ó chroí a ghabháil le gach aon duine a ghlac páirt i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2025, agus comhghairdeas mór a dhéanamh leis na buaiteoirí go léir.

Gabhaimid buíochas speisialta leis na moltóirí: Éanna Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh (a bhfuil an Gradam ainmnithe ina onóir), Margaret Jenkins (Bainisteoir Slí an Atlantaigh Fhiáin), Colleen Baxter (WestBIC), agus Diarmuid Ó Conchubhair (Galway Bay FM), as a dtiomantas agus a gcuid ama.  Táimid an-bhuíoch freisin dár n-urraitheoirí go léir as a dtacaíocht leanúnach leis an nGradam.

Related Articles

Festival Co-Ordinator – Tonnta 26
Comhordaitheoir Féile - Tonnta 26

Gaillimh le Gaeilge works in association with Galway City Council, Galway Chamber and other groups to develop and strengthen Galway’s official Bilingual Status. Our organisation is looking for an experienced and enthusiastic individual or a festival/coordinator /event...

Na hAinmniúcháin do Ghradam 25
Na hAinmniúcháin do Ghradam 25

TAITHÍ MHIONDÍOLA urraithe Galway Bay FMBooleyJust Art It TURASÓIREACHT urraithe ag Fáilte IrelandDaróg Wine BarGalway Girl CruisesTaylor's Bar & Beer GardenTigínTribe Gin SEIRBHÍS CHUSTAIMÉARA urraithe ag Computer TroubleshootersCity LinkGHRPlámásRooney...