Gradam Sheosaimh Uí

Ógartaigh 2025

Iarraimid oraibh a bheith linn i gcur chun cinn na Gaeilge i gCathair Dhátheangach na hÉireann.

Cén fáth gur fiú cur isteach ar an nGradam?

Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo.
Cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta
Tacaíocht do Stádas Dátheangach na Gaillimhe
Poiblíocht Leathan
Buntáistí agus Duaiseanna
Saor in aisce

Cad atá muid ag lorg..

Roghnófar buaiteoirí na gcatagóirí bunaithe ar an úsáid leanúnach, rathúil agus éifeachtach a bhaineann siad as an dátheangachas ina ngnó/ina eagraiocht chun go ‘seasfaidh siad amach’ ina n-earnáil.
Ní mór don ghnó/don eagraíocht tiomantas láidir a bheith acu don Ghaeilge agus na bealaí agus smaointe nuálacha a bhfuil sé i gceist acu tuilleadh úsáid a bhaint aisti amach anseo a léiriú.
Na Catagóir ná: Miondíol, Seirbhís Chustaiméara, Turasóireacht, Digiteach agus Pobal & Cultúr

Duaiseanna

Is fiú níos mó ná 43,000luach iomlán na hurraíochta don Ghradam.

Gheobhaidh an Buaiteoir Iomlán:

Pacáiste Fógraíochta ar luach €2,000 ón Galway Advertiser
Pacáiste gnó luach €2,000 ó urra a gcatagóir
Pacáiste Fógraíochta le TG4
Ballraíocht bhliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe* agus le Gaillimh le Gaeilge
Píosa dealbhóireachta uathúil deartha go speisialta ag Pádraic Reaney le coinneáil ar feadh bliana

Gheobhaidh Buaiteoirí na gCatagóirí

Pacáiste gnó ar luach €2,000 urraithe ag na gnólachtaí thíosluaite
Macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney
Poiblíocht fhorleathan agus ardmholadh sna meáin chumarsáide Gaeilge agus Béarla
Físeán gairid faoi gach gnó ar an ngearrliosta, le béim ar an obair dhátheangach atá déanta. 
Suaitheantas speisialta an Ghradaim

Cad a dúirt na hIarbhuaiteoirí

“We are absolutely delighted to have won the Gradam for the Tourism category and the overall Gradam!

Taking part in the Gradam was a great way for us to encourage the Irish language internally in the business, with our customers and with stakeholders. We are proud incorporate an Ghaeilge in a variety of ways: signage and booking services at The Explore Galway Kiosk, social media, emails, admin agus verbal communication in-house agus amuigh sa phobal ar thurais etc.”

Dátaí Tábhachta agus Eolas Eile

Dátaí Tábhachta

14 Feabhra: Spriocdháta d'ainmniúcháin
31 Márta 2025 - Spriocdháta chun an Fhoirm Moltóireachta a chomhlíonadh
10 AIbreán 2025: Gearrliosta Fógartha
Luath Bealtaine 2025 - Cuairt na Moltóirí ar an nGearrliosta
26 Bealtaine 2025:- Ócáid Bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2025 

Painéal Moltóireachta

Le deimhniú

Téarmaí & Coinníollacha

Gliogáil anseo chun na téarmaí agus coinníollacha a léamh do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.