Gradam Sheosaimh Uí
Ógartaigh 2026
Iarraimid oraibh a bheith linn i gcur chun cinn na Gaeilge i gCathair Dhátheangach na hÉireann.
Cén fáth gur fiú cur isteach ar an nGradam?
Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa Ghradam clúiteach seo.
Cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta
Tacaíocht do Stádas Dátheangach na Gaillimhe
Poiblíocht Leathan
Buntáistí agus Duaiseanna
Saor in aisce
Cad atá muid ag lorg..
Roghnófar buaiteoirí na gcatagóirí bunaithe ar an úsáid leanúnach, rathúil agus éifeachtach a bhaineann siad as an dátheangachas ina ngnó/ina eagraiocht chun go ‘seasfaidh siad amach’ ina n-earnáil.
Ní mór don ghnó/don eagraíocht tiomantas láidir a bheith acu don Ghaeilge agus na bealaí agus smaointe nuálacha a bhfuil sé i gceist acu tuilleadh úsáid a bhaint aisti amach anseo a léiriú.
Na Catagóir ná: Miondíol, Seirbhís Chustaiméara, Turasóireacht, Digiteach agus Pobal & Cultúr
Duaiseanna
Is fiú níos mó ná €43,000luach iomlán na hurraíochta don Ghradam.
Gheobhaidh an Buaiteoir Iomlán:
Pacáiste Fógraíochta ar luach €2,000 ón Galway Advertiser
Pacáiste gnó luach €2,000 ó urra a gcatagóir
Pacáiste Fógraíochta le TG4
Ballraíocht bhliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe* agus le Gaillimh le Gaeilge
Píosa dealbhóireachta uathúil deartha go speisialta ag Pádraic Reaney le coinneáil ar feadh bliana
Gheobhaidh Buaiteoirí na gCatagóirí
Pacáiste gnó ar luach €2,000 urraithe ag na gnólachtaí thíosluaite
Macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh atá deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney
Poiblíocht fhorleathan agus ardmholadh sna meáin chumarsáide Gaeilge agus Béarla
Físeán gairid ag léiriú an dátheangachas i ngach gnó/eagraíocht ar an nGearrliosta
Suaitheantas speisialta an Ghradaim
Cad a dúirt na hIarbhuaiteoirí
“Is mór an onóir dúinn an Gradam iomlán a bhuachan agus tá muid thar a bheith sásta leis an aitheantas iontach seo dár gcuid oibre maidir le cur lenár bpobal dátheangach. Tá súil againn go spreagfaidh ár scéal gnólachtaí eile chun tacú lenár gcathair dhátheangach agus le Gaillimh le Gaeilge san obair den scoth a dhéanann siad chun tacú le gnólachtaí cosúil lenár gceann féin!” Comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir agus le gach duine a ghlac páirt. Agus gabhann mé buíochas ar leith leis na hurraitheoirí go léir as a gcúnamh leis an nGradam a reáchtáil.”
Elena Santos, Just Art It
Dátaí Tábhachta agus Eolas Eile
Dátaí Tábhachta
12 Feabhra Spriocdháta d'ainmniúcháin
31 Márta- Spriocdháta chun an Fhoirm Moltóireachta a chomhlíonadh
16 Aibreán 2026 Gearrliosta Fógartha
Luath Bealtaine 2026- Cuairt na Moltóirí ar an nGearrliosta
25 Bealtaine 2026- Ócáid Bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in Óstán Chuan na Gaillimhe
Painéal Moltóireachta
Le deimhniú
Téarmaí & Coinníollacha
Gliogáil anseo chun na téarmaí agus coinníollacha a léamh do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.
