Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí

14th October 2025

Bígí linn le haghaidh grúpa spraíúil agus spreagúil trí Ghaeilge do thuismitheoirí, naíonáin agus leanaí óga!

📅 Dé Sathairn 18/10/2025

🕚 11:30 r.n. – 12:30 i.n.

📍Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gaillimhe

Tá an ócáid seo SAOR IN AISCE agus oiriúnach do pháistí idir 0–5 bliana d’aois agus a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí. Tar chun taitneamh a bhaint as an nGaeilge trí scéalta, amhráin agus súgradh i suíomh cairdiúil. Tuilleadh eolais [email protected]

Related Articles

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí

Beidh Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí ar siúl arís ar an Satharn an 17 Deireadh Fómhair ag 11.30 r.n. -12.30 i.n. i Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gailimhe. 💚Do pháistí ó 0-5 bliana d'aois. 💚Saor in aisce. 💚Tuilleadh eolais ag Gaillimh le Gaeilge ag...

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 

Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair. 📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe(Beidh...