Déanann an pobal gnó ceiliúradh ar spiorad dátheangach na Gaillimhe an séasúr seo!
Tá gliondar croí ar Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Bailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe agus le Snap Galway, a fhógairt gurb é Tigín buaiteoir Chomórtas na Nollag 2024 - comórtas Nollag chun gnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla a spreagadh an Ghaeilge a chur san áireamh agus a thaispeáint ina dtaispeáintí fuinneoige Nollag.
Bhí an comórtas simplí – níor ghá ach an Ghaeilge a úsáid ar d’fhuinneoga Nollag le dul san iomaíocht. Ba chéad bhliain éachtach í do Gaillimh le Gaeilge tar éis gur ghlac breis agus 30 gnólacht páirt, a raibh sé cinn díobh i mBarr an Chalaidh féin. Caith súil ar ardáin meán sóisialta Ghaillimh le Gaeilge le féachaint ar an liosta iontach.
Deir Grace Ní Chonghaile, Oifigeach Tograí Ghaillimh le Gaeilge agus eagraí an chomórtais:
“Níorbh éasca díreach buaiteoir amháin a roghnú i measc na dtaispeáintí dochreidte, na smaointe cruthaitheacha, agus an ghliondair i ngach fuinneog. Bhí duais amháin le bronnadh, mar sin féin, agus bronnadh sin ar Tigín - comhghairdeas leo!”
Bronnadh dearbhán €250 a bhí urraithe ag Snap Galway ar Tigín, lena úsáid le haghaidh obair chomharthaíochta dá ngnólacht amach anseo. Níorbh í a bhfuinneog thosaigh an t-aon chuid dá dteach a bhí maisithe le frásaí Gaeilge, bhí a scátháin agus a bhfuinneoga taobh istigh maisithe freisin le roinnt frásaí cruthaitheacha eile Gaeilge. Comhghairdeas chomh maith leis an ealaíontóir, Owen Durkan. Caith súil ar ghrianghraif den saothar ealaíne buaiteach Nollag ar mheáin shóisialta Ghaillimh le Gaeilge, nó buail isteach go dtí Tigín i rith shéasúr na Nollag le lán na súl a bhaint astu!
Tá misean Gaillimh le Gaeilge soiléir: Gaillimh a chur chun cinn mar chathair dhátheangach trí éascaíocht a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ag cách.
The bilingual organisation works hand-in-hand with local businesses to strengthen Galway’s status as a bilingual city. This new festive initiative encourages businesses to incorporate the Irish language into their Christmas windows, fostering a sense of place and identity that is uniquely Galwegian.
Oibríonn an eagraíocht dhátheangach as lámh le gnólachtaí áitiúla le stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach a neartú. Spreagann an tionscnamh nua Nollag seo gnólachtaí an Ghaeilge a chur san áireamh ina bhfuinneoga Nollag, agus mórtas áite agus féiniúlacht á gcothú nach dtagtar ar a leithéid ach i nGaillimh. Bhí go leor frásaí Nollag ann, idir “Nollaig Shona” and “Athbhliain faoi Mhaise Daoibh”, agus frásaí a spreag rúinín grinn agus spraoi ina saothar ealaíne, cosúil le “Saintí Link” agus “Lig do Ski”, agus dea-mhéin agus rudaí dearfacha á nguí le beannachtaí cosúil le “Síocháin, Grá agus Sonas”. Cuireadh beatha agus beocht i ndraíocht an tséasúir ar bhealach dátheangach i ngach taispeáint.
Rinne POF Gaillimh le Gaeilge, Bríd Ní Chonghóile, comhghairdeas leis na buaiteoirí agus dúirt sí:
“Comhghairdeas le Tigín agus míle buíochas do gach duine a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana. Bhí gliondar croí orainn gur ghlac gnólachtaí ó gach cearn den chathair páirt san fheachtas le Nollaig Shona a dhéanamh de Ghaillimh an Nollaig seo ó Bhóthar Áth Cinn, go dtí an Ceann Thiar, an Cheathrú Mheánaoiseach, isteach go Barr an Chalaidh, agus ar deireadh, siar go Bóthar na Trá agus Cnoc na Cathrach. Beidh muid ar ais arís an bhliain seo chugainn le NÍOS MÓ duaiseanna toisc gur comórtas teann a bhí ann i mbliana”
Ba mhaith le Gaillimh le Gaeilge a míle buíochas a chur in iúl do Bhailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe as a dtacaíocht agus do Snap Galway as urraíocht a dhéanamh ar an duais. Maidir leis na gnólachtaí a ghlac páirt in #NollaigShona a dhéanamh de Ghaillimh an Nollaig seo – go raibh míle maith agaibh uilig! Mar thoradh ar bhur n-obair dhátheangach, tá cáil ar Ghaillimh mar áit a labhraítear an Ghaeilge agus an Béarla i dteannta a chéile agus ina gcuirtear céad míle fáilte ó chroí romhat.
Is fiú go mór duit taitneamh a bhaint as na fuinneoga a maisíodh go hálainn nuair atá tú ag siúl trí shráideanna na Gaillimhe i rith shéasúr na Nollag seo. Nollaig Shona daoibh go léir!
Más spéis leat an Ghaeilge a úsáid i do ghnólacht nó d’eagraíocht, déan teagmháil linn ag [email protected]. Tá muid ag súil le cloisteáil uait.