Tá ríméad ar Chumann Tráchtála na Gaillimhe, i gcomhpháirt le Gaillimh le Gaeilge agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Nollaig Shona ó Ghaillimh - The Best Dressed Window Competition, a fhógairt mar chuid d’fheachtas Shop Local, Shine Bright na bliana seo.🎄
Tá cuireadh á thabhairt do ghnólachtaí áitiúla i ngach earnáil páirt a ghlacadh trína gcuid siopaí agus fuinneoga a mhaisiú ar bhealach cruthaitheach chun draíocht na Nollag a cheiliúradh i nGaillimh.
Chun ár gcathair dhátheangach a cheiliúradh, ní mór do gach gnólacht atá rannpháirteach an Ghaeilge a chur san áireamh ina ndearadh.




