Seisear Déag Craobhiomaitheoirí Fógartha do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026, a Neartaíonn Cathair Dhátheangach na Gaillimhe 

16th April 2026

D’fhógair Gaillimh le Gaeilge na 16 ghnólacht agus eagraíocht a cuireadh ar an ngearrliosta mar chraobhiomaitheoirí do ghradam clúiteach gnólachtaí dátheangacha na Gaillimhe, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026.

Tá an Gradam á chur ar siúl i gcomhar leis an Galway Advertiser, TG4, agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe, agus aithníonn sé úsáid na Gaeilge sa saol gnó agus pobail ar fud Chathair na Gaillimhe.

Léiríonn na craobhiomaitheoirí i mbliana a leithne a úsáidtear an Ghaeilge anois i measc na n-earnálacha ilchineálacha — idir thurais áitiúla bhia agus dí agus chuideachta a dhéanann dífhibrileoirí a bhfuil comharthaíocht agus treoracha dátheangacha orthu – a thaispeánann go bhfuil an teanga ag éirí níos feiceálaí agus á labhairt níos mó gach lá i ngnólachtaí agus pobail ar fud na Gaillimhe.

Chas na Moltóirí ar a chéile Dé Luain don chéad chéim den phróiseas moltóireachta, agus roghnaíodh 16 de na 22 ainmní don Ghearrliosta i ndiaidh go bhfuarthas iontrálacha an-láidre.

Dúirt Gearóidín Hynes, an Bainisteoir Tograí:

“Bhí gliondar croí orainn leis an bhfreagairt do Ghradam 2026. Tá fíorbhród á léiriú ag na gnólachtaí go léir a cuireadh ar an ngearrliosta as an tiomantas do sheirbhís trí Ghaeilge, ar cuid lárnach é sin de Ghaillimh fhíor-dhátheangach a fhorbairt agus tacú le sprioc na cathrach chun stádas Baile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.”

Ag labhairt ar son na Moltóirí, dúirt Éanna Ó hÓgartaigh:

“Bhí na hiarratais ar fad an-láidir arís i mbliana agus bhí sé iontach an obair atá ar siúl acu ar fud na cathrach a fheiceáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Comhghairdeas leo go léir!

Is iontach an obair dhátheangach a fheiceáil ar siúl ar fud na cathrach chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus gnáthchuid den ghnáthshaol laethúil gnó á déanamh den teanga, a thaispeánann tiomantas ghnólachtaí na Gaillimhe agus an spéis náisiúnta sa teanga atá ag dul i méid.

Leanann an chatagóir Dhigiteach ag dul ó neart go neart, agus cuireadh cúigear craobhiomaitheoirí ar an ngearrliosta i mbliana. Is cinnte dearfa go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite anois sa bhealach a chuireann na gnólachtaí seo iad féin i láthair agus a dhéanann siad idirchaidreamh le daoine ar líne.”

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026 – An Gearrliosta

Na hainmniúcháin sa rannóg ‘Taithí Mhiondíola’, urraithe ag Galway Bay FM

Kinvara Skincare, Just Art It

Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Turasóireacht’, urraithe ag Fáilte Ireland

Daróg Wine Bar, Galway Food Tours, Micil Distillery

Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters

McSwiggan’s Steak + Seafood Restaurant, Plámás, Soundtrack & Podcast

Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Digiteach’, urraithe ag Platform 94:

DUINE, Irish Citylink, Smart Medical, The little Siopa, Thrive with Marian,

Na hAinmniúcháin sa rannóg ‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe:

Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe, CREW Digital, Tribes Press

Roghnóidh painéal neamhspleách moltóirí buaiteoirí an Ghradaim, Éanna Ó hÓgartaigh – mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, ar ainmníodh an gradam in ómós dó – Margaret Jenkins, Bainisteoir Foirne Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus Seán Ó Maoilchiaráin, láithreoir le Galway Bay FM ina measc.

Tabharfaidh na Moltóirí cuairt sna seachtainí amach romhainn ar gach ceann de na gnólachtaí agus na heagraíochtaí a cuireadh ar an ngearrliosta sula roghnóidh siad na buaiteoirí catagóire agus, ar deireadh thiar, buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026.

Fógróidh an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, TD na buaiteoirí ag searmanas speisialta bronnta gradaim Dé Luain, an 25 Bealtaine ag 6.00pm – 8.30pm, i Seomra Leitir Móir in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá.

Cuireann Gaillimh le Gaeilge buíochas ó chroí in iúl do na hurraitheoirí go léir as a dtacaíocht leanúnach agus shárluachmhar don Ghradam: Galway Advertiser, TG4, Fáilte Ireland, Galway Bay FM, Computer Troubleshooters Galway, Platform 94, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na Gaillimhe), Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Glacann a dtacaíocht, i dteannta a chéile, le ról ríthábhachtach sa tionscnamh a chothú agus a fhás, agus b’ionann an urraíocht iomlán agus breis agus €43,000.

Related Articles

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí le Julie Anne de Brún
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí le Julie Anne de Brún

Beidh Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí le Julie Anne de Brún ar siúl an Satharn beag seo! Satharn, 16 Bealtaine | 16th May 11:30 – 12:30 Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gaillimhe Westside Public Library Tá an tseirbhís seo oiriúnach do pháistí ó 0–5 bliana...

Ciorcal Comhrá
Ciorcal Comhrá

Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl amárach, Dé Máirt, 12 Bealtaine 2026 ó 13:00 go dtí 14:00 sa Market Street Boardroom, PorterShed a Dó, H91 TCX3. Beidh fearadh na fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus roimh dhaoine gur mhaith leo snas a chur ar a...

Pop Up Gaeltacht – 30/4/2026
Pop Up Gaeltacht – 30/4/2026

Beidh an chéad Pop Up Gaeltacht eile ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, 30 Aibreán 2026,  i McGinn's Hop House.  Beidh deis agaibh Gaeilge a labhairt i measc cairde, le comhluadar agus craic den scoth mar chuid de Fhleadh na Bealtaine! The next Pop Up Gaeltacht will...