Téarmaí agus Coinníollacha
Iarrfar ar na hainmniúcháin tuilleadh eolais a chur ar fáil do na moltóirí trí fhoirm a líonadh ag léiriú na hoibre dátheangaí go léir atá déanta acu mar aon leis na pleananna nuálacha atá acu d’úsáid na Gaeilge sa todhchaí roimh Dé Luain 31 Márta 2025
Má tá aon cheisteanna agat, déan teagmháil linn ag [email protected] nó 091568876.
Tá cúig chatagóir i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Roghnófar gearrliosta ón gcúig chatagóir agus fógrófar iad sa Galway Advertiser.
Roghnófar buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gcúig chatagóir ag ocáid bhronnta speisialta i mí Bealtaine.
Téarmaí & Coinníollacha
Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh sa Ghradam óir cabhróidh Foireann Ghaillimh le Gaeilge leat i rith an ama ar fad.
Caithfidh na hainmniúcháin ar fad a bheith cláraithe mar chomhlacht nó eagraíocht.
Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte do chomhlachtaí/d’eagraíochtaí atá cláraithe agus atá i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe
Tá an Catagóir ‘Digiteach’ oscailte do chomhlachtaí/d’eagraíochtaí atá cláraithe agus atá i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe agus i gcontae na Gaillimhe*.
Ní féidir le comhlachtaí nó eagraíochtaí a bhfuil ag plé go príomha le cur chun cinn na Gaeilge nó ag feidhmiú faoi choinníollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 cur isteach ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Roghnóidh moltóirí buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus níl dul thar bhreith an mholtóra. Tá cead ag na moltóirí aon iarratas a bhogadh go dtí catagóir eile má tá sé oiriúnach.
*Níl gnólachtaí atá cláraithe sa Gaeltacht incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Ghradam.