Tesco, Gaillimh – Buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014

22nd January 2017

“Bhí ríméad an domhain orainn Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhaint amach in 2014. Táim an-bhródúil as an bhfoireann i Tesco Gaillimh agus tá sé iontach go bhfuair an fhoireann aitheantas as an obair chrua, as a gcuid iarrachtaí agus as a dtiomantas, go háirithe agus caighdeán na n-iarratas eile chomh hard sin. Comhghairdeas leo ar fad as Gradam den scoth a chur ar fáil agus buíochas ó chroí do Ghaillimh le Gaeilge as a gcúnamh agus as a dtacaíocht. Má tá tú ag smaoineamh iarratas a dhéanamh ar an nGradam amach anseo, b’fhiú go mór duit tabhairt faoi. Bhaineamar féin an-taitneamh as an nGaeilge a thabhairt isteach mar theanga bheo inár ngnó agus táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh á dhéanamh sin san am atá amach romhainn. Fiú amháin chuireamar brandáil i nGaeilge agus i mBéarla inár siopa Fóin Soghluaiste an tseachtain seo! Fuaireamar an t-uafás aiseolais a bhí thar a bheith dearfach ónár gcustaiméirí, ón lucht gnó agus ó chuairteoirí chuig an stór.  Míle buíochas.”

Denis McCarthy – Tesco na Gaillimhe

Buaiteoirí na gCatagóirí i 2014 ná:

  • Fógraíodh Óstán an Ardoileáin mar bhuaiteoirí ar an gcatagóir ‘Fáilteachas agus Turasóireacht’ urraithe ag Fáilte Ireland. 
  • Fógraíodh Brendan James Financial Services mar bhuaiteoirí ar an gcatagóir ‘Seirbhísí’ urraithe ag Snap Galway.
  • Fógraíodh Dúchas na Gaillimhe mar bhuaiteoirí ar an gcatagóir ‘Comhlachtaí Eile’ urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Related Articles

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...

Club Reatha na Gaillimhe

Tá grúpa nua reatha i gCathair na Gaillimhe ag iarraidh daoine a tharraingt le chéile chun an Ghaeilge a labhairt, rúinín beag aclaíochta a dhéanamh agus cupán caife a bheith acu ina dhiaidh. Tá Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Caifé na Taibhdheirce (Amharclann...

Caife agus Comhrá 15/10/2026
Caife agus Comhrá 15/10/2026

An mbeadh aon mhisneach agat triail a bhaint as cluiche Scrabble as Gaeilge? ♟🧩👀Up for a game of Scrabble as Gaeilge? Buail isteach chuig Leabharlann Chathair na Gaillimhe an Déardaoin beag seo ag 14:30 le haghaidh cupán caife, comhrá agus comhluadair, agus cluichí...