Bhí Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ina hAoi Oinigh ag Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh nuair a fógraíodh gurbh iad ‘Just Art It’ Buaiteoir Iomlán Ghradam 2026

28th May 2026

Micil Distillery, Plámás, Thrive with Marian agus Club Seoltóireachta Húicéir na Gaillimhe ainmnithe mar bhuaiteoirí na gCatagóirí

Bhí an-scleondar agus an-cheiliúradh ann ag Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i mbliana agus Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, i láthair mar Aoi Oinigh ag an imeacht, a mheall líon mór daoine ó phobal éagsúil na Gaillimhe chun sármhaitheas sa ghnó, sa chultúr agus sa phobal dátheangach a cheiliúradh.

Chuir gach duine a bhí i láthair Céad Míle Fáilte roimh an Uachtarán agus bhuail sí le linn a cuairte le craobhiomaitheoirí Ghearrliosta an Ghradaim, baill den Bhord Stiúrtha agus d’Fhoireann Ghaillimh le Gaeilge, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, Teachtaí Dála áitiúla, ionadaithe Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Comhairleoirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cairde Ghaillimh le Gaeilge agus le daoine eile.

Mar chuid den tráthnóna, d’fhreastail sí ar an searmanas bronnta, áit ar bhronn Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an tOllamh John Breslin, ciseán álainn de tháirgí dátheangacha ó Ghearrliosta an Ghradaim uirthi.

Ag labhairt dó leis na haíonna ag an imeacht, luaigh an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, TD, arís go bhfuil tacaíocht leanúnach á tabhairt ag a Roinn do Ghaillimh le Gaeilge agus do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh:

“Tá áthas orm go bhfuil ar chumas mo Roinne leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht a thugann muid do Ghaillimh le Gaeilge agus do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.

The Gradam has now been running for 24 years and is a very important element of the bilingual identity of Galway city. This year there is great diversity among the shortlisted competitors; all should be recognised for their use of the language in their business, which reflects the vitality of the Irish language in the life of the city.”

Toisc go raibh ar an Aire imeacht roimh an searmanas bronnta, bhronn Príomhoifigeach na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Eoin Ó Droighneáin, na gradaim chatagóire agus an gradam iomlán thar a cheann

Bhí sceitimíní móra i rith an tráthnóna nuair a fógraíodh gurbh iad Just Art It buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026, agus bronnfar orthu leis sin freisin teideal 15ú Treibh na Gaillimhe is nua.

Is siopa ealaíne, stiúideo agus dánlann neamhspleách faoi stiúir ealaíontóirí é Just Art It i gCeann Thiar na Gaillimhe, áit a bhfuil an ealaín, an cultúr agus an pobal fite fuaite ina chéile. Tá an Ghaeilge lárnach ina bhféiniúlacht agus tá sí le tabhairt faoi deara ina gcuid obair chruthaitheach, ar a n-earraí miondíola agus ar a suíomh nua ríomhthráchtála.

Is éard a dúirt Elena Santos, úinéir Just Art It, tar éis gur bhuaigh sí an Gradam:

“Is mór an onóir dúinn an Gradam iomlán a bhuachan agus tá muid thar a bheith sásta leis an aitheantas iontach seo dár gcuid oibre maidir le cur lenár bpobal dátheangach. Tá súil againn go spreagfaidh ár scéal gnólachtaí eile chun tacú lenár gcathair dhátheangach agus le Gaillimh le Gaeilge san obair den scoth a dhéanann siad chun tacú le gnólachtaí cosúil lenár gceann féin!” Comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir agus le gach duine a ghlac páirt. Agus gabhann mé buíochas ar leith leis na hurraitheoirí go léir as a gcúnamh leis an nGradam a reáchtáil.”

Chomh maith leis an mbuaiteoir iomlán, tugadh aitheantas do bhuaiteoirí chatagóirí na bliana seo freisin agus bronnadh na gradaim seo a leanas orthu.
Micil Distillery: sa Chatagóir ‘Turasóireacht’ urraithe ag Fáilte Ireland;
Plámás: sa Chatagóir ‘Seirbhís Chustaiméara’, urraithe ag Computer Troubleshooters s
Thrive with Marian sa Chatagóir ‘Digiteach’ urraithe ag Platform 94;
Club Seoltóireachta Húicéir na Gaillimhe: sa Chatagóir ‘Pobal agus Cultúr’, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

Mar chuid den duais, gheobhaidh siad pacáiste fógraíochta ó phríomhurraitheoir an Ghradaim, an Galway Advertiser, pacáiste poiblíochta le TG4, agus ballraíocht bliana le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge.

Bronnadh pacáiste tacaíochta gnó ar luach €2,000 ar bhuaiteoirí uile na gcatagóirí, chomh maith le macasamhail den Ghradam, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

I mbliana, roghnaigh na Moltóirí Smart Medical do Bhronnadh Speisialta na Moltóirí, urraithe ag Judy Greene Pottery. D’fhorbair siad an chéad AED dátheangach ar domhan (Gaeilge/Béarla) Déantar Bronnadh Speisialta na Moltóirí, le haitheantas a thabhairt do ghnólacht a bhí istigh ar an nGradam den chéad uair agus a bhain amach caighdeán chomh hard agus go gcaithfí aitheantas a thabhairt dó.

Mar aitheantas ar a n-úsáid leanúnach den phacáistiú dátheangach, bronnadh scoláireacht ollscoile ‘An Dioplóma sa Ghaeilge’ – cúrsa sealbhaithe teanga dhá bhliain, ar Kinvara Skincare. Tá an cháilíocht mhór le rá seo urraithe go hiomlán ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

Rinne Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, an tOllamh John Breslin, comhghairdeas le gach duine de bhuaiteoirí an Ghradaim agus mhol sé a gcuid obair dhátheangach. Ghabh sé buíochas freisin leis an Uachtarán, leis an Aire Gaeltachta agus lena Roinn as a dtacaíocht leanúnach luachmhar le Gaillimh le Gaeilge mar a bpríomh-mhaoinitheoirí. Dúirt sé, mar fhocal scoir:

“Tá níos mó ná searmanas bronnta i gceist leis an nGradam; is ábhar mór bróid don chathair é agus léiríonn sé an dul chun cinn atá á dhéanamh chun an Ghaeilge a neartú i ngach gné de shaol na cathrach.”

Ag labhairt ag an ócáid freisin, dúirt Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, Bríd Ní Chonghóile: Tá muid fíorbhuíoch go bhfuil Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, i láthair ag an ócáid speisialta seo, chomh maith leis an Aire Gaeltachta, Dara Calleary, TD.

Léiríonn an Gradam seo an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh i nGaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, agus an fhorbairt atá á déanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo ghnó, phobail agus chultúir, agus ar stádas na cathrach mar chathair dhátheangach.”

Related Articles

Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí le Julie Anne de Brún
Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí le Julie Anne de Brún

Beidh Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí le Julie Anne de Brún ar siúl an Satharn beag seo! Satharn, 16 Bealtaine | 16th May 11:30 – 12:30 Leabharlann an Taoibh Thiar, Cathair na Gaillimhe Westside Public Library Tá an tseirbhís seo oiriúnach do pháistí ó 0–5 bliana...

Ciorcal Comhrá
Ciorcal Comhrá

Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl amárach, Dé Máirt, 12 Bealtaine 2026 ó 13:00 go dtí 14:00 sa Market Street Boardroom, PorterShed a Dó, H91 TCX3. Beidh fearadh na fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus roimh dhaoine gur mhaith leo snas a chur ar a...

Pop Up Gaeltacht – 30/4/2026
Pop Up Gaeltacht – 30/4/2026

Beidh an chéad Pop Up Gaeltacht eile ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, 30 Aibreán 2026,  i McGinn's Hop House.  Beidh deis agaibh Gaeilge a labhairt i measc cairde, le comhluadar agus craic den scoth mar chuid de Fhleadh na Bealtaine! The next Pop Up Gaeltacht will...