TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

Téarmaí agus Coinníollacha

Iarrfar ar na hainmniúcháin tuilleadh eolais a chur ar fáil do na moltóirí i bhfoirm ‘pacáiste gnó’  ag léiriú na hoibre dátheangaí go léir atá déanta acu mar aon leis na pleananna nuálacha atá acu d’úsáid na Gaeilge sa todhchaí roimh Dé Luain, 3 Aibreán 2023. 

Tá cúig chatagóir i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Roghnófar gearrliosta ón gcúig chatagóir agus fógrófar iad sa Galway Advertiser.

Roghnófar buaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh as buaiteoirí na gcúig chatagóir ag ocáid bhronnta speisialta i mí Bealtaine.

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh oscailte do chomhlachtaí/d’eagraíochtaí atá cláraithe agus atá i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe

Tá an Catagóir ‘Digiteach’ oscailte do chomhlachtaí/d’eagraíochtaí atá cláraithe agus atá i mbun gnó i gCathair na Gaillimhe agus i gcontae na Gaillimhe*.

Ní gá duit a bheith i do chainteoir líofa chun páirt a ghlacadh sa Ghradam óir cabhróidh Foireann  Ghaillimh le Gaeilge leat i rith an ama ar fad.

 

CRITÉIR

  • Ní féidir le comhlachtaí nó eagraíochtaí a bhfuil ag plé go príomha le cur chun cinn na Gaeilge nó ag feidhmiú faoi choinníollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 cur isteach ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
  • Ní féidir le gnólachtaí/eagraíochtaí a bhain an Gradam Sheosaimh Uí Sheosaimh Uí Ógartaigh amach cur isteach air arís.
  • Roghnóidh moltóirí buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus níl dul thar bhreith an mholtóra. Tá cead ag na moltóirí aon iarratas a bhogadh go dtí catagóir eile má tá sé oiriúnach.
  • Aontaíonn na buaiteoirí agus buaiteoirí na gcatagóirí páirt a ghlacadh i bpoiblíocht bainteach leis an nGradam.
  • Caithfear an duais a  úsáid laistigh den  12 mí i ndiaidh don chomhlacht an duais a bhaint amach
  • Tabharfaidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe ballraíocht bliana i gCatagóir 2 don bhuaiteoir iomlán. Má tá an comhlacht a bhuafaidh i gcatagóir níos lú, tabharfaidh Cumann Tráchtála na Gaillimhe ballraíocht Catagóir 1 dó ar feadh bliana. Má tá an buaiteoir ina bhall den Chumann Tráchtála cheana féin, bainfear luach ballraíochta Chatagóir 2 de tháille ballraíochta na bliana reatha.

*Níl gnólachtaí atá cláraithe sa Gaeltacht incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Ghradam.