Straitéis Ghaillimh le Gaeilge 2026-2028

23rd October 2025

Iarratas ar Thograí (RFP)

Straitéis Gaillimh le Gaeilge 2026-2028 a Fhorbairt

Réamhrá

Tá tograí á lorg ag Gaillimh le Gaeilge ó shainchomhairleoirí/eagraíochtaí a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha bainte amach acu chun straitéis nua trí bliana a ullmhú don tréimhse 2026–2028.

Is eagraíocht dhátheangach muid agus oibrímid go príomha trí mheán na Gaeilge. Cé go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ina buntáiste, glacfar le hiarratais i mBéarla freisin.

Oibreoidh an t-iarratasóir rathúil go dlúth le Bord, foireann agus páirtithe leasmhara Ghaillimh le Gaeilge lena chinntiú go bhfuil an straitéis uaillmhianach, réalaíoch, agus ar aon dul lenár misean – an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú i nGaillimh.

Scóip na hOibre

Déanfaidh an sainchomhairleoir/eagraíocht na rudaí seo a leanas:

  1. An straitéis reatha a athbhreithniú (2023-2025) agus a torthaí, a rath, agus a dúshláin a mheas.
  2. Dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara (Bord, foireann, maoinitheoirí, comhpháirtithe, pobal teanga, pobal gnó, agus an pobal i gcoitinne, más cuí).
  3. An comhthéacs beartais bainteach a anailísiú (beartas náisiúnta teanga, straitéisí údaráis áitiúil, turasóireachta agus straitéisí ábhartha eile, cláir an AE, etc.).
  4. Tosaíochtaí straitéiseacha agus deiseanna a aithint for Gaillimh le Gaeilge for 2026–2028
    • todhchaí na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe a chosaint, a neartú, a fhorbairt agus a fheabhsú
    • treo Ghaillimh le Gaeilge mar eagraíocht á mhúnlú
  1. Cuspóirí intomhaiste, príomhtháscairí feidhmíochta (PTFanna), agus creat forfheidhmithe a fhorbairt.
  2. Doiciméad scríofa straitéise deiridh a chur le chéile i nGaeilge agus i mBéarla (tá costais aistriúcháin le lua sa togra).

Bunspriocanna Inghnóthaithe

  • Tuarascáil Tionscadail ina dtugtar cuntas ar an modheolaíocht agus an amlíne (faoi Nollaig 2025)
  • Tuarascáil Eatramhach, torthaí san áireamh ó athbhreithniú agus comhairliúcháin (faoi Mhárta 2026)
  • Dréachtstraitéis a phléifear leis an mBord (faoi Mheitheamh 2026)
  • Doiciméad Straitéise Deiridh (faoi Dheireadh Fómhair 2026)

Buiséad

Is é an buiséad uasta atá ar fáil don obair seo €25,000 (CBL agus costais san áireamh).

Amlíne

  • Tosú an chonartha:: Samhain 2025
  • Dáta críochnaithe: Deireadh Fómhair 2026

Riachtanais don Togra

Ba cheart do dhaoine ar spéis leo togra a sheoladh ar aghaidh ina bhfuil an méid seo a leanas:

  • Próifíl eagraíochta/sainchomhairleora agus taithí bhainteach (ar a laghad cúig bliana).
  • Eolas sainiúil ar ghnóthaí na Gaeilge, na Gaeltachta agus na pleanála teanga
  • Cur amach suntasach ar chathair agus ar chontae na Gaillimhe mar aon lena líonraí ábhartha
  • An mhodheolaíocht agus an cur chuige a bheartaítear.
  • Plean oibre agus amlíne tháscach.
  • Miondealú ar an mbuiséad (CBL, costais, agus aistriúchán san áireamh, más bainteach).
  • Ainmneacha agus CVanna an phríomhphearsanra.
  • Samplaí (3) dá mhacasamhail d’obair forbartha straitéise a rinneadh.
  • Beirt mholtóirí.

Critéir Mheasúnaithe

Déanfar measúnú ar thogra bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • Tuiscint ar an achoimre (20%)
  • Taithí agus cuntas teiste bainteach (25%)
  • Caighdeán agus indéantacht na modheolaíochta a bheartaítear (25%)
  • Costas agus luach ar airgead
  • An cumas soláthar a dhéanamh laistigh den achar ama

Sonraí faoi Sheoladh an Togra

Ba cheart tograí a sheoladh go leictreonach i bhformáid PDF go dtí: [email protected]

Dáta druidte: Dé hAoine 21 Samhain 2025 @5pm

 Ní dhéanfar aighneachtaí déanacha a mheas.

Related Articles

Caife agus Comhrá sa Leabharlann
Caife agus Comhrá sa Leabharlann

Beidh Caife agus Comhrá ar siúl an Déardaoin beag seo i Leabharlann Chathair na Gaillimhe  The Coffee and Chat group will take place this Thursday in Galway City Library. 📅 Déardaoin, 16 Aibreán | Thursday, 16th April🕐 14:30am - 15:30pm📍 Leabharlann...

Na hAinmniúcháin do Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026
Na hAinmniúcháin do Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026

Miondíol │ Retail – urraithe ag Galway Bay FM Helen Walsh Opticians We are a family run opticians practice that have been in business on Middle Street since 1981. With bilingual signage on the shop front, Ruth is hoping to increase her use of Irish in the business,...

Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí
Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí

Beidh Grúpa Tuismitheoirí & Leanaí le Julie Anne de Brún ar siúl an Satharn 18 Aibreán! Tá an tseirbhís seo oiriúnach do pháistí ó 0–5 bliana d’aois agus tá sí saor in aisce! ****The Irish Language Parent, Toddler & Early Childhood Group is on...