Straitéis Ghaillimh le Gaeilge 2026-2028

23rd October 2025

Iarratas ar Thograí (RFP)

Straitéis Gaillimh le Gaeilge 2026-2028 a Fhorbairt

Réamhrá

Tá tograí á lorg ag Gaillimh le Gaeilge ó shainchomhairleoirí/eagraíochtaí a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha bainte amach acu chun straitéis nua trí bliana a ullmhú don tréimhse 2026–2028.

Is eagraíocht dhátheangach muid agus oibrímid go príomha trí mheán na Gaeilge. Cé go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ina buntáiste, glacfar le hiarratais i mBéarla freisin.

Oibreoidh an t-iarratasóir rathúil go dlúth le Bord, foireann agus páirtithe leasmhara Ghaillimh le Gaeilge lena chinntiú go bhfuil an straitéis uaillmhianach, réalaíoch, agus ar aon dul lenár misean – an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú i nGaillimh.

Scóip na hOibre

Déanfaidh an sainchomhairleoir/eagraíocht na rudaí seo a leanas:

  1. An straitéis reatha a athbhreithniú (2023-2025) agus a torthaí, a rath, agus a dúshláin a mheas.
  2. Dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara (Bord, foireann, maoinitheoirí, comhpháirtithe, pobal teanga, pobal gnó, agus an pobal i gcoitinne, más cuí).
  3. An comhthéacs beartais bainteach a anailísiú (beartas náisiúnta teanga, straitéisí údaráis áitiúil, turasóireachta agus straitéisí ábhartha eile, cláir an AE, etc.).
  4. Tosaíochtaí straitéiseacha agus deiseanna a aithint for Gaillimh le Gaeilge for 2026–2028
    • todhchaí na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe a chosaint, a neartú, a fhorbairt agus a fheabhsú
    • treo Ghaillimh le Gaeilge mar eagraíocht á mhúnlú
  1. Cuspóirí intomhaiste, príomhtháscairí feidhmíochta (PTFanna), agus creat forfheidhmithe a fhorbairt.
  2. Doiciméad scríofa straitéise deiridh a chur le chéile i nGaeilge agus i mBéarla (tá costais aistriúcháin le lua sa togra).

Bunspriocanna Inghnóthaithe

  • Tuarascáil Tionscadail ina dtugtar cuntas ar an modheolaíocht agus an amlíne (faoi Nollaig 2025)
  • Tuarascáil Eatramhach, torthaí san áireamh ó athbhreithniú agus comhairliúcháin (faoi Mhárta 2026)
  • Dréachtstraitéis a phléifear leis an mBord (faoi Mheitheamh 2026)
  • Doiciméad Straitéise Deiridh (faoi Dheireadh Fómhair 2026)

Buiséad

Is é an buiséad uasta atá ar fáil don obair seo €25,000 (CBL agus costais san áireamh).

Amlíne

  • Tosú an chonartha:: Samhain 2025
  • Dáta críochnaithe: Deireadh Fómhair 2026

Riachtanais don Togra

Ba cheart do dhaoine ar spéis leo togra a sheoladh ar aghaidh ina bhfuil an méid seo a leanas:

  • Próifíl eagraíochta/sainchomhairleora agus taithí bhainteach (ar a laghad cúig bliana).
  • Eolas sainiúil ar ghnóthaí na Gaeilge, na Gaeltachta agus na pleanála teanga
  • Cur amach suntasach ar chathair agus ar chontae na Gaillimhe mar aon lena líonraí ábhartha
  • An mhodheolaíocht agus an cur chuige a bheartaítear.
  • Plean oibre agus amlíne tháscach.
  • Miondealú ar an mbuiséad (CBL, costais, agus aistriúchán san áireamh, más bainteach).
  • Ainmneacha agus CVanna an phríomhphearsanra.
  • Samplaí (3) dá mhacasamhail d’obair forbartha straitéise a rinneadh.
  • Beirt mholtóirí.

Critéir Mheasúnaithe

Déanfar measúnú ar thogra bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • Tuiscint ar an achoimre (20%)
  • Taithí agus cuntas teiste bainteach (25%)
  • Caighdeán agus indéantacht na modheolaíochta a bheartaítear (25%)
  • Costas agus luach ar airgead
  • An cumas soláthar a dhéanamh laistigh den achar ama

Sonraí faoi Sheoladh an Togra

Ba cheart tograí a sheoladh go leictreonach i bhformáid PDF go dtí: [email protected]

Dáta druidte: Dé hAoine 21 Samhain 2025 @5pm

 Ní dhéanfar aighneachtaí déanacha a mheas.

Related Articles

Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 
Tá Gaillimh le Gaeilge ag earcú! 

Tá muid ag lorg duine fuinniúil, díograiseach agus dearfach a thaitníonn leo a bheith ag obair le daoine, smaointe nua a fhorbairt agus deiseanna nua a chruthú don Ghaeilge sa chathair. 📜 Post lánaimseartha ar théarma seasta trí bliana, faoi réir maoinithe(Beidh...

Comórtas ‘Ardán’ le Glór na nGael
Comórtas ‘Ardán’ le Glór na nGael

Buíochas mór do Ghlór na nGael as muid a roghnú mar bhuaiteoirí i gCatagóir ‘Labhairt na Gaeilge’ ag a gcomórtas úrnua, ‘Ardán’! Is iontach an t-aitheantas é seo dár gcuid oibre agus is ardán náisiúnta den scoth é dár bhféile dhátheangach, Tonnta a bhíonn ar siúl i...

Aon Scéal ar ais
Aon Scéal ar ais

Tá ‘Aon Scéal?’ ar ais sa Harbour Hotel !! ‘Aon Scéal?’ is back at Harbour Hotel !! Gach Céadaoin 19:00 – 20:00 Harbour Hotel Galway Bí linn gach Céadaoin sa Harbour Hotel Galway ó 19:00 – 20:00 Tá páirceáil saor in aisce ar fáil dóibh siúd atá ag freastal ar an...