Seolann an tAire Dara Calleary Straitéis Ghaillimh le Gaeilge 2027–2031 Gaillimh | Galway – Croí agus Anam na Gaeilge, an chathair a bhfuil an Ghaeilge i gcroílár an tsaoil

19th November 2026

Tá sa phlean cúig bliana athsheoladh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh chun comóradh 25 bliain an Ghradaim a cheiliúradh, uirlis dhigiteach nua do ghnólachtaí, obair i dtreo ionad tiomnaithe Gaeilge a bhunú agus foireann atá ag dul i méid.

Sheol Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Straitéis Ghaillimh le Gaeilge 2027–2031 i Halla na Cathrach Déardaoin, an 19 Samhain 2026. Leagtar amach sa straitéis nua an chaoi a gcabhróidh an eagraíocht le níos mó daoine Gaeilge a labhairt, a chloisteáil agus taitneamh a bhaint aisti i nGaillimh, á treorú ag fís shimplí: Gaillimh | Galway – Croí agus Anam na Gaeilge, an chathair a bhfuil an Ghaeilge i gcroílár an tsaoil

Idir mhórtas áite agus sheirbhís trí Ghaeilge

Agus Gaillimh le Gaeilge ag druidim lena comóradh 40 bliain in 2027, tógann an straitéis ar fhéiniúlacht dhátheangach na Gaillimhe agus tugann sí an chéad chéim eile chun cinn: tógáil ar infheictheacht na Gaeilge agus seirbhísí trí Ghaeilge a chur léi, ionas gur féidir le daoine an teanga a úsáid ina ngnóthaí laethúla ar fud na cathrach.

An sprioc cúig bliana: beidh an t-aitheantas atá ag Cathair na Gaillimhe mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta treisithe faoi 2031, agus beidh an Ghaeilge faoi bhláth i saol gnó agus pobail na cathrach.

Is fiú gach iarracht

Cuirtear “Céad Míle Fáilte” i gceartlár na straitéise roimh gach duine agus deirtear “Maith thú!” le duine ar bith a dhéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt. Tugtar gealltanas sa straitéis do rannpháirtíocht a leathnú agus déantar iarrachtaí spriocdhírithe inti chun cainteoirí nua, daoine óga agus teaghlaigh a mhealladh, agus chun teagmháil a dhéanamh le 9,500 duine gach bliain trí imeachtaí Ghaillimh le Gaeilge, agus ráta sásaimh 85% ar a laghad a bhaint amach.

Tabharfaidh an eagraíocht comhpháirtithe le chéile freisin chun obair i dtreo spás tiomnaithe a fháil don Ghaeilge i nGaillimh: ionad ilfheidhmeach ina gcuirfear an Ghaeilge chun cinn, ina spreagfar a húsáid agus ina ndéanfar í a cheiliúradh.

Ar na tionscnaimh nua sa straitéis tá athsheoladh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in 2027, an bhliain a mbeidh an Gradam 25 bliain ar an bhfód, mar phríomhghradam do ghnó dátheangach na Gaillimhe; Creat Measúnaithe Gnó digiteach chun cabhrú le gnólachtaí an úsáid a bhaineann siad as an nGaeilge a mhéadú; dhá eispéireas nua Gaeilge ar a laghad a chuirfear le himeachtaí móréilimh ar nós Tonnta agus an Pop-Up Gaeltacht; agus modúil shaincheaptha chun cabhrú le gnólachtaí fáilteachais an Ghaeilge a thabhairt isteach ina seirbhís laethúil do chustaiméirí.

An acmhainn a fhorbairt chun soláthar a dhéanamh

Gaillimh le Gaeilge’s main funder is the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, through the National Lottery. The organisation is also supported by Galway City Council, Foras na Gaeilge, Galway Chamber through its CAIRDE membership scheme, and the sponsors and partners of the Gradam bilingual awards and the Tonnta festival. These funders and partners are central to Gaillimh le Gaeilge’s work, and their continued support will be essential to delivering the new strategy.

Luaitear go soiléir sa straitéis go dteastóidh infheistíocht a fhreagraíonn dá huaillmhianta. Beidh na nithe seo a leanas lárnach chun an straitéis a chur i bhfeidhm:

  • na caidrimh mhaoinithe atá ag an eagraíocht cheana a neartú
  • maoiniú nua náisiúnta, Eorpach agus tráchtála a fháil
  • an fhoireann a mhéadú chun dhá phost lánaimseartha bhreise a chur ar fáil, faoi réir maoinithe
  • comhpháirtíochtaí níos láidre a chothú le heagraíochtaí amhail Údarás na Gaeltachta, Fáilte Ireland, Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU)

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm go bhfuil an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ag tacú le Gaillimh le Gaeilge mar phríomh-mhaoinitheoir.

Tá an maoiniú seo ríthábhachtach chun an Ghaeilge a chur chun cinn i saol laethúil Chathair na Gaillimhe. Léiríonn sé seo an méid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú láidir idir an Rialtas agus eagraíochtaí áitiúla.

Ina theannta sin, tugann an straitéis nua atá á seoladh inniu léargas soiléir ar an obair thábhachtach a bheidh idir lámha ag Gaillimh le Gaeilge sna blianta seo romhainn. Seasann an plean seo mar léiriú ar fhís na heagraíochta chun an teanga a neartú i gcroílár an phobail agus an ghnó i nGaillimh.”

Lean an tAire air agus dúirt:

“Is cúis mhór áthais dom a fhógairt go bhfuil ar chumas mo Roinne leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht a thugaimid do Ghaillimh le Gaeilge go ceann trí bliana eile.

Léiríonn an tiomantas airgeadais seo – dar luach €648,000 go deireadh na bliana 2029 – go bhfuil muinín iomlán ag an Rialtas as an obair iontach atá ar siúl ag an eagraíocht sa chathair seo chun an Ghaeilge a neartú.”

Ghabh Siubhán Nic Grianna, Leas-Chathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, buíochas ar leith leis an Aire Calleary as an maoiniú trí bliana atá fógartha aige, agus as a fhocail dhearfacha faoi obair na heagraíochta. Dúirt sí gur mór an spreagadh don Bhord agus don fhoireann é an vóta muiníne seo, agus an eagraíocht ag tabhairt faoin straitéis nua

Labhair sí freisin faoin straitéis nua, a cuireadh le chéile i gcomhairle le comhlachtaí ionadaíocha gnó, le maoinitheoirí, le heagraíochtaí pobail agus leis na daoine a bhaineann leas as seirbhísí na heagraíochta:

“Is fiú gach iarracht. Sin croílár na straitéise seo, agus sin é an gealltanas atá á thabhairt ag Bord Ghaillimh le Gaeilge don chathair. Tá sé mar aidhm ag an straitéis rannpháirtíocht a leathnú, go háirithe trí chainteoirí nua, daoine óga agus teaghlaigh a mhealladh, agus deiseanna nua a chruthú dóibh an Ghaeilge a úsáid i saol laethúil na cathrach. Sin mar a chinnteofar go mbeidh an Ghaeilge beo i nGaillimh do na glúnta atá le teacht.

Mar stiúrthóirí, is é ár ndualgas a chinntiú go mbeidh an eagraíocht láidir, inbhuanaithe agus in ann an obair seo a chur i gcrích, idir fhorbairt na foirne agus an obair atá ar bun chun ionad tiomnaithe Gaeilge a bhunú don chathair. Ní féidir linn é seo a dhéanamh inár n-aonar. Táimid buíoch dár maoinitheoirí agus dár gcomhpháirtithe as a dtacaíocht leanúnach. Is orainn go léir atá an fhreagracht a chinntiú go mbeidh an tacaíocht chuí ar fáil do gach duine a thugann faoin nGaeilge.”

Ag fáiltiú roimh an straitéis, gheall Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, go mbeidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tacú léi:

“Is í an Ghaeilge a thugann féiniúlacht ar leith do Ghaillimh. Leagann an straitéis seo amach fís uaillmhianach don chéad chaibidil eile, agus beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ann chun tacú léi, ag tógáil ar a bhfuil bainte amach againn le chéile go dtí seo.”

Ag breathnú chun cinn, leag Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, amach uaillmhian na heagraíochta don chathair:

“"Tá Gaillimh réidh anois don chéad chéim eile.  

Tugann stádas dátheangach na Gaillimhe mórtas agus féiniúlacht láidir don chathair. Anois, ba mhaith linn í a chloisteáil níos minice freisin! Is cuid den chraic agus an spraoi í an Ghaeilge, idir Fhéile Tonnta agus an Pop-Up Gaeltacht, agus leanfaimid orainn leis an spraoi sin. Ba mhaith linn go mbeadh sí chomh nádúrtha céanna sa siopa, sa chaifé agus ag an gcuntar. Sin í ár n-uaillmhian don Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi 2031: níos mó Gaeilge, níos mó deiseanna an teanga a labhairt agus a úsáid, agus níos mó daoine ag baint taitnimh aisti!”

Related Articles

Bíodh Nollaig Shona ó Ghaillimh agat an Nollaig seo!
Bíodh Nollaig Shona ó Ghaillimh agat an Nollaig seo!

Make it a Nollaig Shona ó Ghaillimh this Christmas Tá Gaillimh le Gaeilge agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag spreagadh gnólachtaí chun lonrú trí Ghaeilge! Following the success of last year’s initiative, Galway Chamber and Gaillimh le Gaeilge are inviting...

Ciorcal Comhrá
Ciorcal Comhrá

Beidh Ciorcal Comhrá ann AMÁRACH!!👏Más cainteoir líofa Gaeilge thú, má tá tú ag foghlaim agus ag cur feabhais ar do chuid Gaeilge, nó mura bhfuil ach beagán Gaeilge agat, tá fáilte agus fiche romhat! 💚Ciorcal Ciorcal Comhrá taking place tomorrow! All levels welcome!...

Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga

Mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá áthas ar Roinn na Gaeltachta cuireadh a thabhairt duit spéis a léiriú i gcomhdháil idirnáisiúnta dar teideal Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Teanga i ré na hIntleachta Saorga, a dhéanfaidh...