
Ar an lá ba theo den bhliain, chuir Gaillimh le Gaeilge fáilte roimh lucht tacaíochta, comhpháirtithe agus baill de Chairde Ghaillimh le Gaeilge chuig a bhFulacht Fiadh bhliantúil in Óstán an Ardilaun. Thug an ócáid deis buíochas a ghabháil leis an iliomad gnólachtaí, eagraíochtaí agus daoine a oibríonn i gcomhar le Gaillimh le Gaeilge i rith na bliana chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, féiniúlacht na Gaillimhe mar chathair dhátheangach a neartú, agus tacú lena ról mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ba í an ócáid seo freisin deireadh chlár imeachtaí dátheangacha an tsamhraidh de chuid Ghaillimh le Gaeilge, sula dtosófar an clár gníomhaíochtaí arís i mí Mheán Fómhair.

I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an Leas-Mhéara, an Comhairleoir Josie Forde, chomh maith lena chomhairleoirí eile: an Comhairleoir Frank Fahy, an Comhairleoir Terry O'Flaherty, an Comhairleoir John McDonagh agus an Comhairleoir Niall McNelis. Bhí Eoin Ó Droighneáin, an Príomhoifigeach sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, i láthair freisin. Tríd an maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta, leanann an Roinn de bheith ar an bpríomh-mhaoinitheoir do Ghaillimh le Gaeilge, rud a chuireann ar chumas na heagraíochta úsáid laethúil na Gaeilge a chur chun cinn ar fud Chathair na Gaillimhe.
Ag labhairt di ag an imeacht, dúirt Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge:
“Tá foireann bheag dhíograiseach ag Gaillimh le Gaeilge, ach is cuma cé chomh tiomanta nó éifeachtach is atá eagraíocht, ní thagann athrú buan chun cinn ach nuair a chreideann an pobal i gcoitinne sa mhéid atá sí ag iarraidh a bhaint amach. Gan tacaíocht, dea-thoil agus tiomantas mhuintir, ghnólachtaí agus eagraíochtaí na Gaillimhe, ní bheadh ár gcuid oibre indéanta. Cuireann gach gnólacht a roghnaíonn an Ghaeilge a úsáid, gach comhpháirtí a thacaíonn lenár dtionscnaimh dhátheangacha, agus gach duine a sheasann leis an nGaeilge le chathair dhátheangach níos láidre agus níos bríomhaire a dhéanamh de Ghaillimh. Tá muid an-bhuíoch den tacaíocht sin."

Bhí Paul Stewart, Stiúrthóir Bainistíochta Stewart Construction, i láthair ag an ócáid lena bhean chéile, Claire, agus lena gclann. Tá Stewart Construction ina phríomhurraitheoir ar an imeacht ón gcéad Fhulacht Fiadh riamh, rud a léiríonn tiomantas fadtéarmach na cuideachta do Ghaillimh le Gaeilge agus do chur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh. Agus an comhlacht, atá lonnaithe i nGaillimh, ag ullmhú chun 125 bliain ar an bhfód a cheiliúradh in 2027, tugadh aitheantas tráthnóna dá chomhpháirtíocht le Gaillimh le Gaeilge agus don tacaíocht luachmhar atá tugtha aige do chur chun cinn agus d'fhorbairt na Gaeilge i nGaillimh. Tugadh aitheantas ag an ócáid freisin don tacaíocht leanúnach a thugann Galway Executive Skillnet, a raibh Éamonn Molloy ina ionadaí air. Oibríonn an eagraíocht le gnólachtaí ar fud an réigiúin chun cláir forbartha ceannaireachta, oiliúint bainistíochta agus deiseanna líonraithe a chur ar fáil. Tugadh aitheantas freisin do KD Autoparts, ceann de phríomhsholáthraithe páirteanna mótarfheithiclí i nGaillimh agus buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2022, as a thiomantas leanúnach don Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid i gcúrsaí gnó.
Rinneadh ceiliúradh ag an ócáid freisin ar éachtaí roinnt de rannpháirtithe Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2026, ina measc an buaiteoir iomlán, Elena Santos ó Just Art It, buaiteoirí na gcatagóirí, Marian Ní Chonghaile ó Thrive with Marian, agus Colm Ó Cinsealla ó Chlub Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe. Bhí go leor ball de Chairde ó phobal gnó agus pobal na Gaeilge ar fud na Gaillimhe i láthair leo. Chruthaigh ceol le Mike Stewart, Fergal Ó Conaire agus Marie Fahey atmaisféar iontach i rith an tráthnóna. Tar éis go leor iarrataí ó aíonna ar ainm an triúir, thug siad an t-ainm oifigiúil ‘Teach Allais’ orthu féin le linn na hócáide.
Choinnigh an aimsir gach duine ar an airdeall agus meascán mearaí ann de sholas na gréine, teas, toirneach agus fiú cith ghearr, ach bhí spionn maith ar gach duine i rith an imeachta. Chinntigh an fhoireann in Óstán an Ardilaun gur bhain na haíonna taitneamh as bia agus fáilte den scoth, rud a a rinne tráthnóna nach ligfear i ndearmad de.
Léirítear i bhFulacht Fiadh an tSamhraidh bliantúil neart na gcomhpháirtíochtaí a leanann de thacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge ar fud na Gaillimhe. Beidh gníomhaíochtaí ag tosú arís i mí Mheán Fómhair agus tá Gaillimh le Gaeilge ag tnúth le cur leis na comhpháirtíochtaí seo agus leanúint ag obair le gnólachtaí, eagraíochtaí agus pobail chun ról na Gaillimhe a neartú mar chathair dhátheangach bhríomhar agus mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.















