Na Scéalta is déanaí
Tráthnóna Álainn Grianmhar ag Fulacht Fia 2018
Bhain Cairde agus Stiúrthóirí Ghaillimh le Gaeilge ardtaitneamh as tráthnóna álainn ceoil agus bia ag an bhFulacht Fia bliantúil a reáchtáladh sa Galmont Hotel & Spa, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh. Is iad Cairde Ghaillimh le Gaeilge Ollmhargaí na Seoighe, Gaillimh, an Comhlacht Tógála Stewart agus Sweeney Oil a rinne urraíocht fhlaithiúil ar an bhFulacht Fia. Míle buíochas leo ar fad. Ag an ócáid, chuir Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, fáilte mhór chroíúil roimh Mhéara nua-thofa Chathair na Gaillimhe, an Clr Níall McNelis. Cuireann an Fulacht Fia críoch oifigiúil le himeachtaí sóisialta/líonraithe Ghaillimh le Gaeilge go dtí mí Mheán Fómhair agus tugann sé deis don eagraíocht buíochas a ghabháil lena cuid Cairde ar fad agus leo siúd a thacaíonn leis an eagraíocht.
Bíonn go leor ag tarlú i gcónaí sa samhradh i gcathair na Gaillimhe agus aimsir na bhféilte faoi lán seoil! Tugaimis rud éigin speisialta don slua mór cuairteoirí a thagann go Gaillimh le go gcuimhneoidh siad ar an bhfáilte mhór chroíúil a cuireadh rompu i nGaillimh.
Mar sin, má bhíonn tú ag déanamh aon athruithe i do ghnó, déan teagmháil linn le do thoil chun aistriúcháin a fháil agus moltaí ar na bealaí is fearr an Ghaeilge a chur in oiriúint DUITSE agus tá sé SAOR IN AISCE. Gné speisialta agus uathúil í úsáid na Gaeilge i nGaillimh – Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.
RÁSAÍ NA GAILLIMHE
Agus ceann de na féilte rásaíochta is mó sa domhain linn an tseachtain seo, is deis iontach í leis an nGaeilge a shní isteach ar chomharthaíocht, i margaíocht, ar fhógraíocht agus ar bhiachláir a bheas á bhforbairt do Rásaí na Gaillimhe.
GAILLIMH ABÚ!
Tacaigh le foirne Peile agus Iománaíochta, Peil na mBan agus Camógaíochta na Gaillimhe trí ‘Gaillimh Abú!’a chur in airde nó an hashchlib #GaillimhAbú a úsáid.
Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge
Táimid ag uasdátú Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge a bheas le fáil ar www.gleg.ie agus á chur in oiriúint don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Is éard atá san Eolaire Gnó ná liosta de dhaoine i gCathair na Gaillimhe atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Más mian leat páirt a ghlacadh sa togra seo, ba bhreá linn cloisteáil uait! Is bealach iontach é seo cur le do ghnó agus buntáiste breise a aimsiú do do ghnó de bharr go bhfuil do ghnó/eagraíocht ag cur seirbhís ar fáil trí Ghaeilge! Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó [email protected].
Tá Gaillimh le Gaeilge ag glaoch ar GHAILLIMH an Ghaeilge a úsáid i rith na féile. Is féidir leat í a úsáid ar Chomharthaí/ ar Bhiachláir/ i Margaíocht/ i bhFoilsiúcháin/ nó i dTáirgí atá forbartha do Rásaí na Gaillimhe. Déan teagmháil linn le do thoil ag 091 568876 nó [email protected].
Fáilte chuig Rásaí na Gaillimhe ~ Welcome to the Galway Races
Bain sult as Rásaí na Gaillimhe ~ Enjoy the Galway Races
Bain sult as an gcraic ~ Enjoy the craic
Lá na mBan ~ Ladies Day
Spraoi agus Spleodar ag Rásaí na Gaillimhe
Enjoyment and fun at the Galway Races
Bí linn ag Rásaí na Gaillimhe ~ Join us at the Galway Races
An Fhéile Rásaíochta is cáiliúla sa tír!
The most popular Racing Festival in the country!
Táim ag na Rásaí I am at the races
Capall breá Great horse
Jacaí breá Great jockey
Aon mholtaí? Any tips?
Cuir geall Put on a bet
Gach bealach Each way
Gliogáil ANSEO le haghaidh téarmaí breise.
Dlúthchairde Ghaillimh le Gaeilge
Faigheann Gaillimh le Gaeilge maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe