Dialann Ghaillimh le Gaeilge 2019

14th September 2018

Cuir do ghnó chun tosaigh le fógra Dialann Ghaillimh le Gaeilge

Tá Gaillimh le Gaeilge ag ullmhú anois do Dhialann 2019, dialann dhátheangach a scaiptear i measc Chairde Ghaillimh le Gaeilge (os cionn 270 baill atá cláraithe le Gaillimh le Gaeilge go bhfuil spéis acu sa Ghaeilge) mar aon le Comhairleoirí, lucht gnó agus ionadaithe eile i nGaillimhIs ar fhógraíocht amháin a bhraitheann an foilseachán agus ba mhaith linn deis a thabhairt daoibhse fógra a ghlacadh ann!

Tá na praghsanna mar in gcéanna le anuraidh:

  • €500 ar leathanach iomlán, 188mm ar leithead x 239mm in airde
  • €300 ar leath leathanach daite,   188mm ar leithead x 116mm in airde
  • €200 ar ceathrú leathanach, 92mm ar leithead x 116mm in airde

Is é an spriocdháta don obair ealaíne ná Dé Luain 1 Deireadh Fómhair 2018.

Seol an fógra i bhfoirm ardtaifigh agus JPEG chuig  [email protected]  le do thoil.

Related Articles

Festival Co-Ordinator – Tonnta 26
Comhordaitheoir Féile - Tonnta 26

Gaillimh le Gaeilge works in association with Galway City Council, Galway Chamber and other groups to develop and strengthen Galway’s official Bilingual Status. Our organisation is looking for an experienced and enthusiastic individual or a festival/coordinator /event...